Forbhreathnú
- Ról: Cinntíonn sí go ndéantar cistí an Aontais a bhailiú agus a úsáid i gceart, agus cabhraíonn sí le bainistiú airgeadais an Aontais a fheabhsú.
- Uachtarán: Tony Murphy
- Comhaltaí: comhalta amháin ó gach Ballstát
- Bliain a bhunaithe: 1975, agus chuaigh sí i mbun oibre in 1977
- Láthair: Lucsamburg
- Suíomh gréasáin: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Iniúchóir neamhspleách seachtrach an Aontais atá sa Chúirt Iniúchóirí, agus sa cháil sin di féachann sí i ndiaidh leasa cháiníocóirí an Aontais. Níl cumhachtaí dlíthiúla aici ach oibríonn sí chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbainistítear airgeadas an Aontais.
Cad a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí?
- déanann sí iniúchadh ar ioncam agus ar chaiteachas an Aontais, chun a chinntiú an ndéantar cistí an Aontais a thiomsú agus a chaitheamh i gceart, an mbíonn cuntas ceart ar na cistí, agus an mbaineann siad luach ar airgead amach
- déanann sí aon duine nó eagraíocht atá ag plé le cistí an Aontais a fhiosrú – seiceálacha randamacha ar an láthair in institiúidí, gníomhaíochtaí agus comhlachtaí an Aontais, sna Ballstáit den Aontas agus sna tíortha nach tíortha den Aontas iad a fhaigheann cabhair ón Aontas chomh maith
- déanann sí cur síos ar thorthaí agus ar mholtaí i dtuarascálacha iniúchta
- tuairiscíonn sí calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile amhrasta chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
- cuireann sí tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a ndéanann an Pharlaimint scrúdú uirthi sula ndéanann sí cinneadh faoin gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún buiséad an Aontais a fhaomhadh nó gan a fhaomhadh
- eisíonn sí tuairimí maidir le tograí le haghaidh reachtaíocht nua nó athbhreithnithe a mbeidh tionchar aici ar bhainistiú airgeadais an Aontais, chomh maith le léirmheasanna agus foilseacháin ad hoc faoi saincheisteanna a bhaineann le hairgeadas poiblí an Aontais.
Le bheith éifeachtach, ní mór do CIE a bheith neamhspleách ar na hinstitiúidí agus na comhlachtaí ar a ndéanann sí iniúchadh. Chuige sin, tá saoirse aici maidir le:
- cad ar a ndéanfaidh sí iniúchadh
- conas a dhéanfaidh sí é
- conas agus cén uair a chuirfidh sí a torthaí i láthair.
Is ar an gCoimisiún Eorpach is mó atá obair iniúchta CIE dírithe – an príomhchomhlacht atá freagrach as buiséad an Aontais a chur i bhfeidhm. Ach oibríonn sí go dlúth le húdaráis náisiúnta chomh maith, mar is i gcomhpháirtíocht leo a bhainistíonn an Coimisiún an chuid is mó (thar ar 80%) de chistí an Aontais.
Comhdhéanamh
Is í an Chomhairle a cheapann comhaltaí na Cúirte, tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint, le haghaidh téarma in-athnuaite 6 bliana. Roghnaíonn siad duine as a measc le bheith mar Uachtarán le haghaidh téarma 3 bliana (atá in-athnuaite chomh maith).
Cén chaoi a n-oibríonn an Chúirt Iniúchóirí?
Déanann sí trí chineál iniúchta:
- iniúchtaí airgeadais chun a chinntiú go dtugtar cuntas ceart ar chistí an Aontais
- iniúchtaí comhlíontachta chun a chinntiú go mbailítear nó go gcaitear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha
- iniúchtaí feidhmíochta chun a chinntiú go bhfaightear luach ar airgead ó chistí an Aontais.
Sanntar comhaltaí agus foireann iniúchóireachta CIE do sheomraí iniúchóireachta, ina nglactar formhór thuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí CIE.
Tusa agus an Chúirt Iniúchóirí
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le CIE nó ábhar iniúchóireachta a mholadh tríd an bhfoirm theagmhála a líonadh isteach.
Rochtain ar dhoiciméid
Amchlár táscach na bhfoilseachán atá ar na bacáin
