Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Council of the European Union - Logo

Forléargas

  • Ról: Leagann sí amach treo polaitiúil ginearálta agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh
  • Comhaltaí: Cinn stáit nó rialtais thíortha an Aontais Eorpaigh, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
  • Uachtarán: Charles Michel
  • Bliain a bunaithe: 1974 (fóram neamhfhoirmiúil), 1992 (stádas foirmiúil), 2009 (institiúid oifigiúil de chuid an Aontais)
  • Áit: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh gréasáin: An Chomhairle Eorpach

Tugann an Chomhairle Eorpach ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile chun clár oibre polaitiúil an Aontais a shocrú. Is í an Chomhairle an leibhéal is airde comhair pholaitiúil idir tíortha an Aontais.

Mar cheann de 7 n-institiúid oifigiúla an Aontais Eorpaigh, bíonn cruinnithe mullaigh ag an gComhairle Eorpach (go ráithiúil de ghnáth) ina dtagann ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile, agus uachtarán buan mar chathaoirleach orthu.

Cad a dhéanann an Chomhairle Eorpach?

  • is í a chinneann treo foriomlán agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais – ach ní ritheann sí dlíthe
  • déileálann sí le ceisteanna casta nó íogaire nach féidir a réiteach ar leibhéal níos ísle de chomhar idir-rialtasach
  • socraíonn sí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus leasanna straitéiseacha agus impleachtaí cosanta an Aontais á gcur san áireamh aici
  • ainmníonn sí agus ceapann sí iarrthóirí do phoist iomráiteacha áirithe san Aontas Eorpach, amhail sa Bhanc Ceannais Eorpach agus sa Choimisiún

I gcás gach ceiste, is féidir leis an gComhairle Eorpach:

Comhdhéanamh

Is iad cinn stáit nó rialtais thíortha uile an Aontais Eorpaigh, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá sa Chomhairle Eorpach.

Is é an tUachtarán, a thionólann an Chomhairle Eorpach agus is eisean an cathaoirleach uirthi. Is í an Chomhairle Eorpach féin a thoghann an tUachtarán ar feadh téarma dhá bhliain go leith is féidir a athnuachan uair amháin. I measc nithe eile, déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an Aontas Eorpach sa domhan mór.

Cén chaoi a n-oibríonn an Chomhairle Eorpach?

De ghnáth tagann sí le chéile 4 huaire sa bhliain – ach is féidir leis an Uachtarán cruinnithe breise a thionól chun díriú ar cheisteanna práinneacha.

Dé ghnáth cinneann sí ar cheisteanna trí chomhthoil – ach d’aontoil nó trí thromlach cáilithe i gcásanna áirithe. Is iad na ceannairí stáit/rialtais amháin ar féidir leo vótáil

Tusa agus an Chomhairle Eorpach

Is féidir leat ceisteanna ginearálta faoi obair na Comhairle Eorpaí a chur chuig an tSeirbhís um Fhaisnéis don Phobal.

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar fhaisnéis

Cruinnithe na Comhairle Eorpaí

Clár oibre Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Féilire chruinnithe na Comhairle Eorpaí

Tuilleadh eolais

Cuairt a thabhairt ar an gComhairle Eorpach

Stair na Comhairle Eorpaí

Tuarascálacha, staidéir, leabhráin

Leabharlann na Comhairle

Teagmháil

An Chomhairle Eorpach

Ainm
An Chomhairle Eorpach
Suíomh gréasáin
https://www.consilium.europa.eu/ga/
Uimhir ghutháin
+32 2 281 61 11
Uimhir facs
+32 2 281 69 34
Seoladh poist
Rue de la Loi/Wetstraat 175, 1048 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta