Forléargas
- Ról: Bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go hordúil sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar fhíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na dtíortha rannpháirteacha, de chuid an Aontais agus eile.
- Cathaoirleach: Dominique Laboureix
- Comhpháirtithe: Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, Banc Ceannais na hEorpa (BCE), Údaráis Náisiúnta Réitigh (NRAanna), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)
- Bliain a bhunaithe: Eanáir 2015
- An líon foirne: 472
- Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
- Suíomh Gréasáin: An Bord Réitigh Aonair
Is é an Bord Réitigh Aonair (BRA) údarás réitigh an Aontais Baincéireachta Eorpaigh. Tá sé ag croílár an Aontais Baincéireachta agus an tSásra Réitigh Aonair . Is é misean BRA bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go hordúil sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar fhíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na dtíortha rannpháirteacha, de chuid an Aontais agus eile.
Gníomhaíochtaí
Is iad seo a leanas na príomhchúraimí atá air:
- rialacha agus cur chuige a leagan síos maidir le réiteach eagraíochtaí
- cinntí maidir le réiteach a ghlacadh laistigh den Aontas Baincéireachta i gcomhréir le cur chuige caighdeánach - rud a chuidíonn le muinín sa mhargadh a choinneáil
- socruithe inchreidte féideartha le haghaidh réitigh a bhunú
- deireadh a chur le bacainní ar réiteach, córas baincéireachta na hEorpa a dhéanamh níos sábháilte
- costais réitigh a choinneáil chomh híseal agus is féidir, díluacháil a sheachaint murar gá é chun cuspóirí réitigh a bhaint amach
- príomhshochair a chur ar fáil do cháiníocóirí, do bhainc agus do shealbhóirí taiscí
- cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Cé a bhaineann tairbhe as?
Beidh an Bord Réitigh Aonair in ann gníomhú go gasta, go hiomchuí agus go comhréireach chun socruithe téarnaimh agus réitigh a bhunú do bhainc i limistéar an euro. Is é an cuspóir atá ann tarrthálacha a sheachaint as seo amach agus ualach an réitigh a chur ar na bainc, ar chostas fíorbheag don chainíocóir agus don fhíorgheilleagar.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
An Bord Réitigh Aonair
- Ainm
- An Bord Réitigh Aonair
- Suíomh gréasáin
- https://www.srb.europa.eu/en
- Seoladh poist
Treurenberg 22
1049 An Bhruiséil
An Bheilg- Na meáin shóisialta