Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Sóifia

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: Bulgáiris

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 2007

Airgeadra: Lev na Bulgáire (BGN). Tá sé beartaithe ag an mBulgáir an euro a ghlacadh a luaithe a shásóidh sí na coinníollacha riachtanacha.

Schengen: tá an Bhulgáir i mbun ullmhúcháin le teacht isteach i limistéar Schengen.

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Bhulgáir. Is ag an gceann rialtais, an príomh-aire, atá an post feidhmiúcháin is cumhachtaí. Is ag an gceann stáit, an t-uachtarán, atá na cumhachtaí ionadaíocha go príomha mar aon le cumhachtaí teoranta crosta. Is stát aonadach í an Bhulgáir agus tá struchtúr láraithe aici. Tá 27 gcúige sa Bhulgáir agus príomhchúige meitreapholaiteach (Sofia-Grad). Is é an rialtas a cheapann na gobharnóirí réigiúnacha.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar na Bulgáire in 2020 – an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (21.4%); an tionsclaíocht (20.4%) agus an córas riaracháin phoiblí, seirbhísí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (16.7%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 66% d’easpórtálacha na Bulgáire (an Ghearmáin 16%, an Rómáin 9% agus an Iodáil 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 6% díobh chun na Tuirce agus 3% chun na Síne.

Ó thaobh iompórtálacha de, is ó Bhallstáit an Aontais a thagann 61% (an Ghearmáin 12%, an Iodáil agus an Rómáin 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 7% ón Tuirc agus 6% ón Rúis.

An Bhulgáir san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 17 bhFeisire ag an mBulgáir i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Bhulgáir

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Bulgáire i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Bulgáire lena linn:

Eanáir – Meitheamh 2018

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Iliana Ivanova an Coimisinéir atá ainmnithe ag an mBulgáir chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Nuálaíochta, Taighde, Cultúir, Oideachais agus na hÓige uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Bhulgáir

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

12 ionadaí ag an mBulgáir ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin – ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

12 ionadaí ag an mBulgáir ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Bhulgáir i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Bulgáire chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas Eorpach.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Bhulgáir?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Bhulgáir a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d'íoc an Bhulgáir isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, mar shampla chun bóithre a dhéanamh, fóirdheontais a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don mBulgáir.