Skip to main content

Forbhreathnú

Príomhchathair: an Róimh

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Iodáilis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1958

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Deireadh Fómhair 1997

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Iodáil ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, arna cheapadh ag an Uachtarán agus ceann stáit, an t-uachtarán. Tá dhá theach sa Pharlaimint: Teach na dTeachtaí agus Seanad na Poblachta. Tá an tír foroinnte i 20 réigiún. Tá stádas uathrialach speisialta ag 5 cinn de na réigiúin sin, rud a chuireann ar a gcumas reachtaíocht a rith maidir le hábhair áitiúla áirithe.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na hIodáile in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (20.1%), an tionsclaíocht (19.5%) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (17.5%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 51% d’easpórtálacha na hIodáile (an Ghearmáin 13%, an Fhrainc 10%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 10% díobh chun na Stát Aontaithe agus 6% chun na hEilvéise.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 58% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 16%, an Fhrainc 8% agus an Ísiltír 6%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 9% ón tSín agus 7% ó na Stáit Aontaithe.

An Iodáil san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 76 Fheisire ag an Iodáil i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa san Iodáil

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na hIodáile i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hIodáile lena linn:

Iúil-Nollaig 1959 | Iúil-Nollaig 1962 | Iúil-Nollaig 1965 | Iúil-Nollaig 1968 | Iúil-Nollaig 1971 | Iúil-Nollaig 1975 | Eanáir-Meitheamh 1980 | Eanáir-Meitheamh 1985 | Iúil-Nollaig 1990 | Eanáir-Meitheamh 1996 | Iúil-Nollaig 2003 | Iúil-Nollaig 2014

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Paolo Gentiloni an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Iodáil chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí an Gheilleagair air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin san Iodáil

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

24 ionadaí ag an Iodáil ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

23 ionadaí ag an Iodáil ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Iodáil i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hIodáile chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Iodáil?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé mar aidhm le buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail san Iodáil a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d’íoc an Iodáil isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, cuir i gcás, déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Iodáil.