Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Méadú an Aontais Eorpaigh

Cad is méadú ann?

Is éard is méadú ann tíortha nua ag teacht isteach san Aontas Eorpach. Tharla sé sin roinnt uaireanta i stair an Aontais, agus gach uair rinneadh athrú ó bhonn ar an Aontas agus ar na tíortha a tháinig isteach ann.   

Chuir méadú an Aontais Eorpaigh go mór le scaipeadh na cobhsaíochta, na síochána agus an rathúnais ar fud na mór-roinne.

Buntáistí do thíortha a thagann isteach san Aontas Eorpach

Tá go leor buntáistí ag baint leis an méadú do Bhallstáit nua, na cinn seo a leanas san áireamh:

  • cobhsaíocht pholaitiúil
  • saoirse do shaoránaigh maireachtáil, staidéar nó obair a dhéanamh in áit ar bith san Aontas
  • trádáil mhéadaithe trí rochtain ar an margadh aonair
  • maoiniú agus infheistíocht mhéadaithe
  • caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus tomhaltais níos airde

Tuilleadh eolais faoi na buntáistí atá ag baint leis an Aontas Eorpach agus an méid atá bainte amach aige.

Buntáistí don Aontas Eorpach

Téann an méadú chun tairbhe don Aontas Eorpach freisin, ar na bealaí seo a leanas:

  • rathúnas agus deiseanna méadaithe do shaoránaigh Eorpacha agus do ghnólachtaí Eorpacha
  • guth níos láidre ar an ardán domhanda
  • tuilleadh éagsúlachta cultúrtha
  • an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn
  • infheistíocht sa tsíocháin agus sa tslándáil san Eoraip

Cé na tíortha ar féidir leo teacht isteach san Aontas?

Is féidir le haon tír Eorpach teacht isteach san Aontas má chomhlíonann sí na critéir bhallraíochta, ar a dtugtar critéir Chóbanhávan freisin. Mar shampla, ní mór do thíortha ar mian leo ballraíocht a ghlacadh an méid seo a leanas a bheith acu:

  • institiúidí cobhsaí ar féidir leo an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus cosaint mionlach a ráthú. 
  • geilleagar margaidh a fheidhmíonn agus an cumas déileáil le brú iomaíoch mhargadh an Aontais. 
  • an cumas glacadh leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas, lena n-áirítear an cumas dlí uile an Aontais a chur i bhfeidhm agus cloí le haidhmeanna an Aontais. 

Conas a fheidhmíonn sé?

Ní mór do gach tír a dhéanann iarratas ar theacht isteach san Aontas na diancheanglais chéanna a chomhlíonadh agus an dianphróiseas céanna a leanúint chun a bheith ina Ballstát. 

Tá trí phríomhchéim sa phróiseas sin, ar a dtugtar an próiseas aontachais freisin. Is iad sin:  

Céim 1: Iarrthóireacht

Ní mór do thír ar mian léi dul isteach san Aontas iarratas ar bhallraíocht a chur faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach ansin seiceáil a dhéanamh ar chumas na tíre iarrthaí na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh.

Bunaithe ar na moltaí ón gCoimisiún, cinneann an Chomhairle an dtabharfar stádas mar iarrthóir don tír agus an gcuirfidh sí tús le caibidlíocht fhoirmiúil maidir lena haontachas leis an Aontas. Ní mór do Bhallstáit uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir leis an gcinneadh sin.

Céim 2: Idirbheartaíocht maidir le ballraíocht 

Le linn na hidirbheartaíochta maidir le ballraíocht, déanann an tír is iarrthóir réidh chun dlíthe agus caighdeáin an Aontais a chur i bhfeidhm, ar a dtugtar an acquis freisin.

Le linn na hidirbheartaíochta, déanann an Coimisiún monatóireacht ar dhul chun cinn an iarrthóra maidir leis na hathchóirithe sin agus coinníonn sé an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin trí thuarascálacha agus teachtaireachtaí rialta.

Céim 3: Aontachas

Ach a mbeidh an idirbheartaíocht tugtha i gcrích, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim uaidh an bhfuil an t-iarrthóir réidh le bheith ina Bhallstát. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil an t-iarrthóir réidh, ullmhaítear conradh aontachais. Sonraíonn an doiciméad seo téarmaí agus coinníollacha bhallraíocht na tíre san Aontas Eorpach.

Ní mór don Choimisiún Eorpach, don Chomhairle Eorpach agus do Pharlaimint na hEorpa an conradh aontachais a fhormheas sula síneofar agus sula ndaingneoidh Ballstáit uile an Aontais agus an tír is iarrthóir é. 

Tagann an tír is iarrthóir isteach san Aontas go hoifigiúil ar an dáta a leagtar amach ina conradh aontachais.

Stair an mhéadaithe

Tharla seacht méadú ón uair a bhunaigh sé thír bhunaidh an tAontas an chéad lá riamh. Tá 27 dtír san Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann. 

  1. 01-07-2013
    An seachtú méadú

    Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach sa mhéadú is déanaí.

  2. 01-01-2007
    An séú méadú

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach.

  3. 01-05-2004
    An cúigiú méadú

    Tháinig deich dtír nua isteach san Aontas Eorpach: an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, Poblacht sa Seice, an Pholainn, an Ungáir, an tSlóivéin, agus an tSlóvaic. Sin an méadú is mó ó thaobh daoine agus líon na dtíortha de.

  4. 01-01-1995
    An ceathrú méadú

    Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach, comharba CEE tar éis Chonradh Maastricht in 1993. Bhí 15 Bhallstát san Aontas faoin tráth seo, an chuid is mó de thíortha Iarthar na hEorpa.

  5. 01-01-1986
    An tríú méadú

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach in CEE. 12 Bhallstát a bhí ann an tráth seo.

  6. 01-01-1981
    An dara méadú

    Bhí deich mBallstát in CEE nuair a tháinig an Ghréig isteach ann.

  7. 01-01-1973 
    An chéad mhéadú 

    Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach in CEE, rud a d’fhág go raibh naoi mBallstát ann.

  8. 25-03-1957
    Na comhaltaí bunaidh

    Shínigh an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír Conradh na Róimhe. Leis sin, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). Ar deireadh tháinig an tAontas Eorpach mar atá againn anois as sin.

Méadú féideartha an Aontais Eorpaigh

Is féidir an tAontas Eorpach a mhéadú a thuilleadh, ós rud é go bhfuil deich dtír ar mhaith leo a bheith ina mBallstáit páirteach sa phróiseas aontachais faoi láthair.

Tíortha is iarrthóirí

Tugadh stádas mar iarrthóir do na tíortha sin, agus tá a ndlíthe náisiúnta á n-athchóiriú acu faoi láthair chun iad a ailíniú le rialacha, rialacháin agus caighdeáin an Aontais.

Tír is iarrthóir ionchasach

Tá iarratas déanta ag iarrthóir féideartha ar theacht isteach san Aontas, ach níor bronnadh stádas iarrthóra uirthi go fóill.