Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Anna Lindh: guth na Sualainne ar son na hEorpa os comhair an tsaoil mhóir

Saol agus beatha

In 1998, ceapadh Lindh ina hAire Gnóthaí Eachtracha i gcomhaireacht an Phríomh-Aire Göran Persson. Bhí sé de cháil uirthi gurbh é an modh díreach a chleachtadh sí ina cuid cainte, agus is neamhbhalbh a labhraíodh sí i leith chearta an duine thar aon ní.

  • I Moscó di, is trom a cháin sí gníomhaíochtaí na Rúiseach i Seisnia.
  • Ba dhaingean an crann taca í do réiteach an dá stát ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín, agus is fíochmhar a chuir sí in aghaidh an bheartais a bhí ag an bPríomh-Aire Ariel Sharon i leith na bPalaistíneach ag an am.
  • Sheas sí go freasúrach in aghaidh an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic in 2003 ar an ábhar nach raibh sé faofa ag na Náisiúin Aontaithe.
  • I Washington di, thug sí íde béil do na Stáit Aontaithe faoin gcaoi ar caitheadh leis na príosúnaigh i mBá Guantanamo.

Fís don Eoraip

Is mór a bhí lámh ag Lindh i bhforbairt na Sualainne i láthair an Aontais Eorpaigh ós í ba chathaoirleach ar chruinnithe na n-airí gnóthaí eachtracha le linn uachtaránacht na Sualainne in 2001. In 2001, ba í Lindh príomhthoscaire na hEorpa nuair a bhí coimhlint á tuar i bPoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (tír darb ainm an Mhacadóin Thuaidh feasta), agus ainneoin beartas eachtrach an Aontais ina snáitheanna gan fí mar ba ghnách, d’éirigh léi-sean iad a tharraingt le chéile ionas gur múchadh an choimhlint.

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Anna Lindh agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa

Tuilleadh eolais