Is eolaí agus múinteoir a bhí í Marga Klompé, agus bhí sí gníomhach i résistance na hÍsiltíre le linn an Dara Cogadh Domhanda. Toghadh ina feisire Parlaiminte san Ísiltír í sa bhliain 1948, agus bhí sí ar dhuine de chaibidleoirí Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe.
Saol agus beatha
Ba í Marga Klompé an chéad chomhalta mná i gComhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, an eagraíocht ba réamhtheachtaí do Pharlaimint na hEorpa ar reáchtáladh an chéad seisiún dá chuid in 1952.
D’fhág sí an Tionól in 1956 chun freastal ar chomhrialtas na hÍsiltíre faoi cheannas an Phríomh-Aire Willem Drees. Ceapadh í ina hAire Oibre Sóisialta, agus ba ise an chéad aire mná san Ísiltír.
Fís don Eoraip
In 1955, ceapadh Klompé ar mheitheal a bhunaigh an Comhthionól, meitheal a bhí le díriú ar an méid seo a leanas:
- feabhas a chur ar fheidhmiú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus na cumhachtaí a bhí aige a leathnú
- margadh aonair a chruthú a rachadh thar earnáil an ghuail agus na cruach amach.
Ar cheann de na héachtaí is mó a d’éirigh léi le linn di a bheith ina hAire, bhí an chéad dlí sa tír i dtaca leis an gcosaint shóisialta uilíoch.
Marga Klompé le linn díospóireachta i dTeach na nIonadaithe san Ísiltír
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Marga Klompé agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa