Tháinig ‘Aontaithe san Éagsúlacht’, mana an Aontais Eorpaigh, in úsáid den chéad uair in 2000. Roghnaíodh an mana as measc 80,000 iontráil i gcomórtas chun mana don Eoraip a aimsiú.
Léirítear leis an mana sin mar a tháinig muintir na hEorpa le chéile, faoi scáth an Aontais Eorpaigh, chun a bheith ag obair ar mhaithe leis an tsíocháin agus an rathúnas, agus cultúir, traidisiúin agus teangacha iomadúla éagsúla na mór-roinne ag cur le saibhreas an tsaoil dóibh an tráth céanna.
An mana i dteangacha oifigiúla uile an Aontais
- Bulgáiris: Единство в многообразието
- Cróitis: Ujedinjena u raznolikosti
- Seicis: Jednotná v rozmanitosti
- Danmhairgis: Forenet i mangfoldighed
- Ollainnis: In verscheidenheid verenigd
- Béarla: United in diversity
- Eastóinis: Ühinenud mitmekesisuses
- Fionlainnis: Moninaisuudessaan yhtenäinen
- Fraincis: Unie dans la diversité
- Gearmáinis: In Vielfalt geeint
- Gréigis: Ενωμένη στην πολυμορφία
- Ungáiris: Egyesülve a sokféleségben
- Gaeilge: Aontaithe san éagsúlacht
- Iodáilis: Unita nella diversità
- Laitvis: Vienoti dažādībā
- Liotuáinis: suvienijusi įvairovę
- Máltais: Magħquda fid-diversità
- Polainnis: Zjednoczeni w różnorodności
- Portaingéilis: Unida na diversidade
- Rómáinis: Unită în diversitate
- Slóvaicis: Zjednotení v rozmanitosti
- Slóivéinis: Združena v raznolikosti
- Spáinnis: Unida en la diversidad
- Sualainnis: Förenade i mångfalden