Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An leagan téacs den ghrafaic eolais: Tosaíochtaí an Aontais – conas a shocraítear iad?

Na hinstitiúidí lena mbaineann an nós imeachta:

  • an Chomhairle Eorpach
  • an Coimisiún Eorpach
  • Parlaimint na hEorpa
  • Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

 

Clár oibre straitéiseach

Is í an Chomhairle Eorpach (27 gCeann Stáit nó Rialtais ó gach Ballstát den Aontas) a shainíonn na tosaíochtaí do na chéad 5 bliana eile.

Oibríonn institiúidí agus tíortha an Aontais Eorpaigh le chéile chun na tosaíochtaí sin a chur i bhfeidhm. Eisíonn an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle conclúidí comhpháirteacha.

I dteannta a chéile, is iad na tosaíochtaí sin an clár oibre straitéiseach.

Tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh

Treoirlínte polaitiúla an Choimisiúin do na chéad 5 bliana eile.

Is é an t-iarrthóir ar Uachtarán an Choimisiúin a chinneann na tosaíochtaí agus cuirtear iad faoi bhráid sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa.

Tiontaítear iad ina ráitis mhisin do gach coimisinéir is iarrthóir agus cuirtear i láthair an Choiste ábhartha de chuid na Parlaiminte iad.

Tosaíochtaí Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn na 3 uachtaránacht atá le teacht na tosaíochtaí comhroinnte atá acu do na chéad 18 mí eile, agus athraíonn an Uachtaránacht gach 6 mhí.

Is í an tír a bhfuil an Uachtaránacht aici a chinneann na tosaíochtaí arb é is aidhm dóibh an tAontas Eorpach a neartú agus a chroíluachanna a chur chun cinn.

Déantar iad a shainiú agus aird á tabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann leis an Aontas Eorpach.

Tosaíochtaí Pharlaimint na hEorpa

Roghnaíonn gach grúpa polaitiúil tosaíochtaí a léiríonn na saincheisteanna a mheasann a vótálaithe a bheith ríthábhachtach do na chéad 5 bliana atá le teacht.

8 ngrúpa pholaitiúla a eagraítear de réir cleamhnacht pholaitiúil seachas de réir náisiúntachta.

Conas a oibríonn sé go praiticiúil?

  1. Staid an Aontais agus Litir Intinne
    Gach bliain i mí Mheán Fómhair, tosaíonn Uachtarán an Choimisiúin ar chlár oibre bliantúil an Choimisiúin a ullmhú leis an aitheasc ar Staid an Aontais agus le Litir Intinne, a tharraingíonn ar Thuarascáil an Choimisiúin maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach.
     
  2. Pléite
    Cuireann an Coimisiún tús leis an bplé leis an bParlaimint agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le tosaíochtaí na bliana atá le teacht.
     
  3. Clár oibre bliantúil an Choimisiúin
    Faigheann an Coimisiún tuairimí Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chun cur lena chlár oibre bliantúil.
     
  4. Dearbhú Comhpháirteach Bliantúil
    Eisíonn an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí an Aontais chun go bhféadfar gníomhaíocht mhear a dhéanamh agus chun a chinntiú go dtabharfar spreagadh polaitiúil chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach.