Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Beartas ar inrochtaineacht gréasáin

Ba cheart go leanfadh gach suíomh gréasáin oifigiúil de chuid institiúidí an AE treoirlínte idirnáisiúnta maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an ngréasán. Ciallaíonn sé seo gur cheart go mbeadh rochtain agus tuiscint ag an líon daoine is mó is féidir ar phíosaí téacs, íomhánna, foirmeacha, fuaimeanna agus araile, gan idirdhealú a dhéanamh.

Cloíonn leathanaigh 'barrleibhéil' EUROPA leis na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an ngréasán (WCAG) (leagan 2.0), leibhéal AA, a d'eisigh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) mar chuid den Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin.

Seans nach mbeidh optamú ó thaobh na hinrochtaineachta de déanta ar fhíseáin nó doiciméid i bhformáid Word nó i bhformáid PDF a úsáidtear ar roinnt de na leathanaigh.

Ba cheart go gcomhlíonfadh gach leathanach nua agus foshuíomh nua de chuid EUROPA na caighdeáin chéanna inrochtaineachta. Táimid ag obair freisin chun an leibhéal céanna a bhaint amach don líon is mó is féidir de na leathanaigh ar na leibhéil faoin mbarrleibhéal.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir lena bhfuil idir lámha againn inár dtreoirlínte maidir le leathanaigh ghréasáin inrochtana a chur amach .