Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

An euro ar fud an domhain

An euro lasmuigh den limistéar euro

Is é an euro an dara hairgeadra is tábhachtaí ar domhan maidir le hiasachtaí a fháil, iasachtaí a thabhairt agus cúlchistí bainc ceannais. 

Úsáidtear é freisin mar airgeadra oifigiúil nó de facto chomh maith le hairgeadra ‘ancaire’ i roinnt réigiún atá lasmuigh den Eoraip go geografach, na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus críocha thar lear san áireamh: 

  • Na hAsóir agus Maidéara (An Phortaingéil)
  • Na hOileáin Chanáracha (An Spáinn)
  • Ceuta agus Melilla (An Spáinn)
  • Guáin na Fraince
  • Oileáin de chuid na Fraince i Muir Chairib
  • Mayotte agus La Réunion (An Fhrainc)
  • Saint Pierre agus Miquelon (An Fhrainc) 

Chomh maith lena úsáid i limistéar an euro féin, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear chomh maith i roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil san Aontas Eorpach

  • Andóra
  • An Chosaiv*
  • Montainéagró
  • Monacó
  • San Mairíne
  • Cathair na Vatacáine 

Fágann córas airgeadaíochta cobhsaí an euro gur airgeadra tarraingteach ‘ancaire’ é: tá roinnt tíortha agus críoch lasmuigh den limistéar euro agus den Aontas araon tar éis a n-airgeadraí a nascadh leis an euro. I gcásanna áirithe, is trí chomhaontú déthaobhach le tíortha an limistéir euro a dhéantar é, agus i gcásanna eile is cinneadh aontaobhach de chuid na tíre lena mbaineann é. 

* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do staideanna ar stádas, agus tá sé de réir UNSCR 1244/99 agus Tuairim ICJ ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.