Is é an euro an dara hairgeadra is mó úsáid d’idirbhearta airgeadais domhanda agus is airgeadra cúltaca tarraingteach é do thíortha ar fud an domhain.
Bíonn tionchar ag rátaí úis an limistéir euro ar fhorbairtí eacnamaíochta agus cobhsaíocht praghsanna. Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) neamhspleách atá freagrach as gluaiseachtaí agus malartuithe laethúla an airgeadra a bhainistiú. Is é an BCE, atá lonnaithe in Frankfurt, an banc ceannais atá ag an 21 tír den Aontas Eorpach arb é an euro a n-airgeadra: Oibríonn sé chun cobhsaíocht praghsanna a chaomhnú, agus chun cumhacht cheannaigh an airgeadra aonair a chosaint.
Cé gurb iad na tíortha aonair iad féin atá freagrach i gcónaí as cánacha agus buiséid náisiúnta, tá comhrialacha i dtaca le hairgeadas poiblí comhaontaithe ag na rialtais náisiúnta chun go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe le cobhsaíocht, fás agus fostaíocht.
Tagann airí airgeadais thíortha an limistéir euro le chéile roinnt uaireanta sa bhliain sa Ghrúpa Euro chun ábhair a bhaineann leis an euro a phlé. Comhordaíonn siad a mbeartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha chun dálaí a chur chun cinn le haghaidh fás eacnamaíoch níos láidre.
Boinn agus nótaí bainc a tháirgeadh
Ó 2002 i leith, tá na nótaí bainc euro á dtáirgeadh ag bainc ceannais náisiúnta an limistéir euro i gcomhpháirt le chéile. Tá sciar áirithe de tháirgeadh iomlán bliantúil ceann amháin nó níos mó de na nótaí bainc de chúram ar gach banc ceannais náisiúnta.
Is iad rialtais náisiúnta thíortha an limistéir euro atá freagrach as boinn euro a bhualadh.
Bearta frith-ghóchumtha
Ba cheist mhórthábhachta í an tslándáil agus boinn agus nótaí bainc euro á ndearadh. Ó tháinig an t-airgeadra aonair i gcúrsaíocht, tá leibhéil an ghóchumtha sa limistéir euro réasúnta íseal. Toisc gur airgead dlíthairgthe iad nótaí agus boinn euro gach tíre – agus dearaí sainiúla orthu – ar fud an limistéir euro, tá gá le comhrialacha agus comhordú chun a chinntiú go bhfuil na bearta frith-ghóchumtha a dhéantar sna tíortha uile chomh héifeachtach céanna le chéile. Tá ceithre cholún ag beartas frith-ghóchumtha an Aontais: cosc, toirmeasc, oiliúint agus comhar.
