Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Food Safety Authority

Forbhreathnú

  • Ról: Comhairle eolaíoch a chur ar fáil agus eolas a thabhairt faoi rioscaí atá ann agus atá ag teacht chun cinn ó thaobh an tslabhra bia de
  • Stiúrthóir: Bernhard Url
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • Líon ball foirne: 435
  • Suíomh: Parma na hIodáile
  • Suíomh gréasáin: EFSA 

Cad é go díreach a dhéanann EFSA?

Cuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) comhairle eolaíoch neamhspleách ar fáil faoi rioscaí a bhaineann le bia.

Tugann EFSA comhairle do na cinnteoirí i dtionscal an bhia faoi rioscaí bia atá ann agus atá ag teacht chun cinn. Úsáidtear an chomhairle sin nuair a cheapann an Eoraip dlíthe, rialacha agus beartais – rud a chuidíonn le tomhaltóirí a chosaint ó rioscaí sa slabhra bia. Cuimsíonn sainchúram an Údaráis:

  • sábháilteacht bia agus beatha;
  • cothú
  • sláinte agus leas ainmhithe
  • cosaint plandaí
  • sláinte plandaí.

Baineann obair EFSA leis an méid seo a leanas:

  • sonraí eolaíocha agus saineolas a bhailiú
  • comhairle eolaíoch neamhspleách, atá cothrom le dátaa chur ar fáil faoi cheisteanna sábháilteachta bia
  • eolas a thabhairt don phobal faoina obair eolaíoch
  • comhoibriú le Ballstáit, comhlachtaí idirnáisiúnta, agus páirtithe leasmhara eile
  • cur leis an muinín atá ag daoine i gcóras sábháilteachta bia an Aontais Eorpaigh trí chomhairle iontaofa a chur ar fáil.

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • Tomhaltóirí na hEorpa atá ar na tomhaltóirí is mó cosaint agus eolas ar domhan ó thaobh rioscaí sa slabhra bia de  
  • Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus rialtais na mBallstát ós iadsan a bhfuil an tsláinte phoiblí faoina gcúram agus a údaraíonn úsáid táirgí bia agus beatha.

Féach freisin

Nuacht EFSA 

Imeachtaí agus cruinnithe EFSA 

An lárionad preasa 

Iris EFSA 

Doiciméid agus foilseacháin EFSA 

Deiseanna fostaíochta 

Obair eolaíochta EFSA (treoir mhionsonraithe)

Teagmháil

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)

Ainm
An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)
Suíomh gréasáin
https://www.efsa.europa.eu/en
Uimhir ghutháin
+39 0521 036 111
Uimhir facs
+39 0521 036 110
Seoladh poist
Via Carlo Magno 1A, 43126 Parma PR, An Iodáil
Na meáin shóisialta