Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

Gníomhaireacht dhíláraithe
Logo of The European Securities and Markets Authority (ESMA)

Forbhreathnú

  • Ról: feabhas a chur ar chosaint infheisteoirí agus margaí airgeadais atá cobhsaí ordúil a chur chun cinn
  • Cathaoirleach: Verena Ross
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Natasha Cazenave
  • Comhaltaí: Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as margaí urrús i ngach ceann de na Ballstáit.
  • Comhaltaí gan ceart vótála: An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), an Coimisiún Eorpach (CE), an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua
  • Bliain a bhunaithe: 2011
  • An líon foirne: 362
  • Suíomh: Páras (an Fhrainc)
  • Suíomh gréasáin: ESMA

Údarás neamhspleách is ea an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) arb é is cuspóir leis feabhas a chur ar chosaint infheisteoirí agus margaí airgeadais atá cobhsaí ordúil a chur chun cinn.

Cad é a dhéanann ESMA?

Tá 3 chuspóir aige:

  • Cosaint Infheisteoirí - chun a chinntiú go ndéantar freastal níos fearr ar riachtanais tomhaltóirí airgeadais agus a gcuid ceart mar infheisteoirí a threisiú agus, san am céanna, a gcuid freagrachtaí a aithint.
  • Margaí ordúla - chun iontaofacht, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus dea-fheidhmiú na margaí airgeadais a chur chun cinn mar aon le bonneagar margaidh láidir.
  • Cobhsaíocht airgeadais - chun an córas airgeadais a neartú ionas gur féidir leis géarchéimeanna airgeadais a sheasamh agus gan ligean d'éagothromaíochtaí airgeadais dul as smacht, agus fás eacnamaíoch a spreagadh.

Lena chois sin, tá ESMA freagrach as na bearta a ghlacann maoirseoirí urrús a chomhordú nó as bearta éigeandála a ghlacadh uair ar bith a bhíonn géarchéim ann.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Na réimsí agus na páirtithe leasmhara seo a leanas:

  • an geilleagar
  • an pobal i gcoitinne
  • rialtóirí margaí urrús
  • earnáil na seirbhísí airgeadais
  • infheisteoirí agus tomhaltóirí miondíola agus tionscail
  • soláthraithe seirbhísí airgeadais
  • úsáideoirí margaí airgeadais

Tuilleadh eolais

Míreanna nuachta

Tuarascálacha

Folúntais

Teagmháil

Suíomh gréasáin
https://www.esma.europa.eu/
Uimhir ghutháin
+33 1 58 36 43 21
Uimhir facs
+33 1 58 36 43 30
Seoladh poist

201-203 Rue de Bercy
75012 Páras
An Fhrainc

Na meáin shóisialta