Forbhreathnú
- Ról: Chun a chinntiú go gcuirtear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí i bhfeidhm go comhsheasmhach i dtíortha an Aontais Eorpaigh, agus san Iorua, i Lichtinstéin agus san Íoslainn freisin.
- Cathaoirleach: Andrea Jelinek
- Bliain a bhunaithe: 2018
- An líon foirne: 21
- Suíomh: An Bhruiséil
- Suíomh Gréasáin: An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
Comhlacht neamhspleách is ea EDPB a bhfuil na cúramaí seo a leanas air:
- maidir le dlí an Aontais sa réimse seo – go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, cinntíonn EDPB go gcuirtear i bhfeidhm go chomhsheasmhach é i ngach tír a thagann faoina chuimsiú agus cuireann sé comhar idir na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí chun cinn
Cad a dhéanann EDPB?
- cuireann sé treoir ghinearálta (treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtas ina measc) ar fáil chun an RGCS a shoiléiriú
- glacann sé cinntí comhsheasmhachta, ar ceapadh iad chun a chinntiú go ndéanann gach comhlacht náisiúnta rialála RGCS a léirmhíniú go seasta, i gcásanna a bhaineann le dhá thír nó níos mó, cuir i gcás
- cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún Eorpach maidir le saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus aon reachtaíocht nua den Aontas atá molta agus a bhfuil tábhacht ar leith ag baint léi maidir le cosaint sonraí pearsanta
- spreagann sé údaráis náisiúnta cosanta sonraí le dul i gcomhar le chéile agus le faisnéis agus dea-chleachtais a roinnt le chéile.
Má cheapann tú nár cosnaíodh do shonraí, tá trí rogha agat:
- dul i dteagmháil leis an eagraíocht a bhfuil do chuid sonraí ina seilbh aici
- dul i dteagmháil le d’údarás náisiúnta cosanta sonraí
- an t-ábhar a chur faoi bhráid cúirt náisiúnta
Is féidir le húdaráis náisiúnta cosanta sonraí fiosruithe a dhéanamh agus pionós a ghearradh nuair is gá sin.
Cé hiad lucht EDPB?
- Cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach, agus ainmnítear iad le haghaidh téarmaí oifige in-athnuaite 5 bliana.
- Gach údaráis náisiúnta cosanta sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS)
Maidir le hoibríochtaí ó lá go lá, faigheann EDPB tacaíocht anailíse, riaracháin agus lóistíochta ó rúnaíocht atá curtha ar fáil ag EDPB. Tá foireann Rúnaíocht EDPB ag obair faoi threoracha Chathaoirleach EDPB.
Cén chaoi a n-oibríonn EDPB?
Bíonn cruinnithe rialta ag an mBord sa Bhruiséil chun saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí a phlé agus cinntí a dhéanamh maidir leo.
Déantar na cinntí sin i gcruinnithe iomlánacha de cheannairí na n-údarás náisiúnta, agus bíonn na cruinnithe bunaithe ar obair ullmhúcháin a bhíonn déanta ag foghrúpaí saineolaithe agus ag Rúnaíocht EDPB.
Tusa agus EDPB
Cinntíonn EDPB go gcuirtear rialacha cosanta sonraí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach tír den Aontas – ionas go mbeidh na cearta céanna ag gach duine, gan beann ar an tír ina bhfuil cónaí orthu.
Is ar na dóigheanna seo a leanas a thugtar faoi:
- treoirlínte a eisiúint d’údaráis náisiúnta agus do gheallsealbhóirí chun a chinntiú go ndéanfar RGCS a léirmhíniú go comhsheasmhach.
- cinntí comhsheasmhachta a ghlacadh maidir le rialálaithe náisiúnta chun a chinntiú go ndéanfaidh siad na cearta agus na dualgais dhlíthiúla a fhorfheidhmiú ar an dóigh chéanna i ngach tír.
- anuas air sin, is foinse saineolais é maidir le saincheisteanna cosanta sonraí agus cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún Eorpach. Cinntítear leis sin, i gcás aon dlí nua de chuid an Aontais a mbeidh tionchar nach beag aige ar chosaint sonraí pearsanta, go n-urramófar an ceart bunúsach a bhaineann le sonraí pearsanta.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
- Ainm
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB)
- Suíomh gréasáin
- https://edpb.europa.eu/edpb_ga
- Seoladh ríomhphoist
- Seoladh poist
- Rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
- Na meáin shóisialta