Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Medicines Agency (EMA)

Forbhreathnú

  • Ról: Ráthaíonn EMA meastóireacht eolaíoch, maoirseacht agus monatóireacht sábháilteachta a dhéanamh ar leigheasanna don duine agus ar leigheasanna tréidliachta san Aontas.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Emer Cooke
  • Bliain a bunaithe: 1995
  • Líon na mball foirne: 897
  • Suíomh:hAmstardam na hÍsiltíre 
  • Suíomh gréasáin: EMA

Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint agus a chur chun cinn trí mheastóireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar leigheasanna laistigh den Aontas Eorpach (AE) agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

Gníomhaíochtaí

Is iad príomhchúraimí na Gníomhaireachta leigheasanna a údarú agus monatóireacht a dhéanamh orthu san Aontas. Is chuig EMA a chuireann gnólachtaí iarratas ar údarú margaíochta amháin isteach, agus eisíonn an Coimisiún Eorpach an t-údarú. Má thugtar an t-údarú sin, féadfaidh an gnólacht an leigheas lena mbaineann a mhargú ar fud an Aontais agus LEE. I ngeall ar raon feidhme leathan an nós imeachta láraithe, is é EMA a dhéanann údarú ar fhormhór na leigheasanna nuálacha a mhargaítear san Eoraip.

Is measc chúraimí na Gníomhaireachta tá:

  • forbairt leigheasanna agus an rochtain orthu a éascú
  • iarratais ar údaruithe margaíochta a mheas
  • faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht leigheasanna ar feadh a saolré
  • faisnéis a chur ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte agus d'othair.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Téann obair EMA chun tairbhe díobh seo a leanas:

  • othair
  • gairmithe cúraim sláinte
  • acadóirí
  • gnólachtaí cógaisíochta
  • lucht forbartha leigheasanna
  • lucht déanta beartas sláinte.

Leis na treoirlínte eolaíocha, leis an gclár um chomhairle eolaíoch agus le dreasachtaí, éascaíonn an ghníomhaireacht taighde faoi chógais leighis nua agus tacaíonn sí le forbairt, agus dá bhrí sin tagann cógais leighis a bhfuil fíorbhuntáistí sláinte acu d'othair ó dhul chun cinn san eolaíocht leighis. Go háirithe, cuireann an ghníomhaireacht forbairt cógais do leanaí agus forbairt cógais le dul i ngleic le galair neamhchoitianta chun cinn.

Féach freisin

Faisnéis rialála maidir le leigheasanna don duine

Faisnéis rialála maidir le leigheasanna tréidliachta

Comhpháirtithe agus líonraí

Foilseacháin

Gairmeacha

Teagmháil

An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)

Ainm
An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)
Suíomh gréasáin
https://www.ema.europa.eu/en
Uimhir ghutháin
+31 88 781 6000
Seoladh poist
Domenico Scarlattilaan 6, 1083 HS Amsterdam, An Ísiltír
Na meáin shóisialta