Forbhreathnú
Príomhchathair: Prág
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Seicis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Bealtaine 2004
Airgeadra: Koruna Phoblacht na Seice (CZK). Tá obair ullmhúcháin á déanamh ag an tSeicia faoi láthair chun an euro a ghlacadh.
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
Córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach í an tSeicia ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán. Bunaíodh an tSeicia in 1993 nuair a scoilt an tSeicslóvaic ina dhá tír, an tSeicia agus an tSlóvaic. Tá an tír roinnte anois ina 14 réigiún, príomhchathair Phrág san áireamh.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar na Seicia in 2020: an tionsclaíocht (28.1%); an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (17.5%) agus an córas riaracháin phoiblí, seirbhísí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (16.8%).
Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 80% d’easpórtálacha na Seicia (an Ghearmáin 33%, an tSlóvaic 8% agus an Pholainn 6%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 2% díobh chun na Tuirce agus 2% chun na Stát Aontaithe.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 73% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 28%, an Pholainn 9% agus an Ísiltír 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 11% ón tSín agus 2% ó na Stáit Aontaithe agus ón Rúis.
An tSeicia san Aontas
Parlaimint na hEorpa
Tá 21 Fheisire ag an tSeicia i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa tSeicia
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Seicia i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Seicia:
Mí Eanáir – Mí an Mheithimh 2009 | Mí Iúil – Mí na Nollag 2022
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is í Vĕra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an tSeicia chuig an gCoimisiún Eorpach.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin san tSeicia
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 12 ionadaí ag an tSeicia ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 12 ionadaí ag an tSeicia ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an tSeicia i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Seicia chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an tSeicia?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d'aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
Tionscadail sa tSeicia a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
An t-airgead a d’íoc an tSeicia isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don tSeicia.