Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forléargas

Príomhchathair: Taillinn

Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: an Eastóinis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2011

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Eastóin. Is é an t-uachtarán a ainmníonn an ceann rialtais – an príomh-aire – agus is í an Pharlaimint a fhormheasann an t-ainmniúchán sin. Is é an ceann rialtais atá i bhfeighil ar an gcumhacht feidhmiúcháin atá ag an rialtas. Is í an Pharlaimint nó an coláiste toghcháin a thoghann an ceann stáit – an t-uachtarán – ar feadh tréimhse 5 bliana. Tá 101 theachta sa Pharlaimint, a thoghtar gach ceithre bliana. Tá an tír roinnte ina 15 chontae agus ina 79 mbardas.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na hEastóine in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, an t-iompar, seirbhísí cóiríochta agus bia (20.5%), an tionsclaíocht (19.2%) agus an córas riaracháin phoiblí, an chosaint, an t-oideachas, sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (16.7%).

Is chuig tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 66% d’easpórtálacha na hEastóine (an Fhionlainn 16%, an tSualainn 10% agus an Laitvia 9%), agus maidir le heaspórtálacha chuig áiteanna lasmuigh den Aontas, téann 8% díobh chun na Stát Aontaithe agus 6% chun na Rúise.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 75% ó Bhallstáit an Aontais (an Fhionlainn 13%, an Ghearmáin 10% agus an Laitvia agus an Liotuáin 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 8% ón Rúis agus 5% ón tSín.

 

An Eastóin san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 7 bhFeisire ag an Eastóin i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa san Eastóin

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na hEastóine i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hEastóine lena linn:

Mí Iúil – Mí na Nollag 2017

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Kadri Simson an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Eastóin chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Fuinnimh uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin san Eastóin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

6 ionadaí ag an Eastóin ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

6 ionadaí ag an Eastóin ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Eastóin i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hEastóine chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Eastóin?

An méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail san Eastóin a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d’íoc an Eastóin isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – amhail bóithre a dhéanamh, taighdeoirí a mhaoiniú agus an comhshaol a chosaint.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Eastóin.