Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Johan Willem Beyen: plean cómhargaidh

Saol agus beatha

I lár na 1950idí nuair a bhí Beyen ag forbairt a thogra le haghaidh aontas custaim, thuig sé a dheacra a bheadh sé a áitiú ar fhórsaí drogallacha san Ísiltír, a thír dhúchais, agus sa chuid eile den Eoraip, glacadh le tuilleadh lánpháirtíochta. Bhí go leor ceannairí amhrasach faoi níos mó lánpháirtíochta tar éis ar tharla nuair a bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,go háirithe ó thaobh an gheilleagair de. Ach choinnigh Beyen air; chreid sé gur mhithid níos mó comhair fós a éileamh idir náisiúin na hEorpa.

Fís don Eoraip

Bhain plean Beyen leis an gcoincheap go raibh gá le comhar eacnamaíoch níos fearr, ní i réimse an ghuail agus na cruach amháin. Bhí gá le cómhargadh le haghaidh gach ruda, cómhargadh a bhí ar aon dul le comhaontú ‘Benelux’ a síníodh idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg in 1944. Agus Plean Beyen á chur i láthair ag Comhdháil Messina in 1955 aige, chuir sé ina luí ar dhaoine nach bhféadfaí aontacht pholaitiúil a bhaint amach gan cómhargadh a bheith ann ina mbeadh freagracht chomhchoiteann éigin le haghaidh beartas eacnamaíoch agus sóisialta. Ar deireadh, toisc gur glacadh leis an bplean, shínigh sé thír Conarthaí na Róimhe i mí an Mhárta 1957 agus cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Euratom.

Ó Chomhdháil Messina go Conarthaí na Róimhe.

(Níl seo ar fáil i do theanga.)

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Johan Willem Beyen, agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa