Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Winston Churchill: ag iarraidh Stáit Aontaithe na hEorpa a chruthú

Caithfimid Stáit Aontaithe na hEorpa de chineál éigin a thógáil’

Winston Churchill

Saol agus beatha

Nuair a smaoiníonn tú ar Winston Churchill, seans gurb é an chéad íomhá a rithfeadh leat figiúr ceannasach ag tabhairt comhartha an bhua agus é ag baint smailc as todóg. Níl sa léiriú coiteann sin ach gné amháin den iar-oifigeach airm, tuairisceoir cogaidh agus Príomh-Aire de chuid na Breataine. Bhí Churchill ar dhuine den iliomad ceannairí a chreid go daingean, i ngeall ar an taithí a bhí aige ar an gcogadh, nach bhféadfaí síocháin a chinntiú ach le hEoraip aontaithe.

Fís don Eoraip

San aitheasc a thug sé in Ollscoil Zurich in 1946, thantaigh sé ar Eorpaigh a gcúl a thabhairt le huafáis an ama a chuaigh thart agus féachaint rompu. Dhearbhaigh sé gurbh olc an mhaise don Eoraip leanúint uirthi gan scaoileadh leis an bhfuath agus an díoltas a bhí le brath, ar dá rud iad a d'eascair ó dhíobhálacha an t-am a d'imigh thart. Bhí Churchill den tuairim gurbh é an chéad chéim chun ‘mórtheaghlach Eorpach’ an cheartais, na trócaire agus na saoirse a athchruthú ná ‘Stáit Aontaithe na hEorpa de chineál éigin a thógáil’ Is é sin an t-aon bhealach amháin atá ann chun go mbeidh suáilceas le baint as an saol arís ag na milliúin díobh siúd atá ag sracadh leo agus chun go mbeidh siad faoi dhóchas in athuair, nó sin na nithe a chuireann craiceann ar an saol’.

Winston Churchill, ag labhairt dó an 19 Meán Fómhair 1946 in Zurich.

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Winston Churchill, mar aon lena rannchuidiú leis an tionscadal Eorpach