Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Do sheoladh an euro in Eanáir 2002, dearadh 7 nóta bainc agus 8 mbonn. Is ionann dearadh na nótaí bainc i ngach tír sa limistéar euro. Ar thaobh de gach bonn tá dearadh coiteann, agus ar an taobh eile tá dearadh a cheap an Ballstát lena mbaineann sé

Tugadh sraith Europa de nótaí bainc isteach de réir a chéile. Faoi chúram an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta, tá gnéithe slándála feabhsaithe agus dearadh nua ag nótaí na sraithe sin, ina bhfuil portráid den fhíor mhiotaseolaíochta Europa. 

Siombail

In 1995, ag cruinniú den Chomhairle Eorpach in Maidrid, a roghnaíodh an t-ainm ‘an euro’. 

Tá an tsiombail bunaithe ar an litir Gréigise eipsealón (ε), leis an gcéad litir san fhocal ‘Europe’ agus le 2 líne chomhthreomhara mar chomhartha chobhsaíochta. 

Is é EUR cód ISO an euro. Úsáidtear é agus tagairt á dhéanamh do shuimeanna gan an tsiombail.

Cóipcheart

Is ag an Aontas Eorpach, faoi ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, atá cóipcheart na siombaile euro. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’aontaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh lógónna áirithe a chlárú ar a bhfuil siombail an euro, ar choinníoll go bhfuil siad sách cruthaitheach agus éagsúil le siombail oifigiúil an euro. 

Rialacha maidir le hainm an euro

  • Ní mór don ainm a bheith mar an gcéanna i dteangacha oifigiúla uile an Aontais – ‘euro’, ag cur na haibítir dhifriúla san áireamh. Áirítear leis sin téacsanna dlíthiúla an Aontais. Seo é ‘'ευρώ’ in aibítir na Gréigise agus ‘евро’ san aibítir Choireallach 
  • Glactar le foirmeacha iolra i gcás nach n-athraítear an fhréamh ‘eur-’. 
  • Glactar le litrithe eile i dtéacsanna dlíthiúla nach téacsanna AE iad, e.g. dlíthe náisiúnta. 
  • 24 LÚNASA 2020
Liosta de litrithe caighdeánacha na bhfocal “euro” agus “cent” i dteangacha oifigiúla an Aontais (60.18 KB)

Íoslódáil an íomhá chomhbhrúite agus déantúis i bhformáid jpg:

  • 10 EANÁIR 2022
Siombail an Euro

 

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Eanáir 2026