Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Cóbanhávan

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Danmhairgis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1973

Airgeadra: Krone na Danmhairge (DKK) Chinn an Danmhairg gan an euro a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, níl iallach uirthi é a thabhairt isteach.

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 25 Márta 2001

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

An córas polaitiúil

Is monarcacht bhunreachtúil í an Danmhairg. Tá córas parlaiminte ionadaíoch aici ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an monarc, ag a bhfuil an phríomhchumhacht feidhmiúcháin go hoifigiúil, cé gur dualgais ionadaíocha agus searmanais amháin atá air. Tá dhá thír fhéinrialaitheacha san Atlantach ag an ríocht freisin, ní ballstáit de chuid an Aontais é ceachtar acu: Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar na Danmhairge in 2020: an córas riaracháin phoiblí, seirbhísí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (21.5%); an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (19.3%) agus an tionsclaíocht (18.2%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thradáiltear 52% d’easpórtálacha na Danmhairge (an Ghearmáin 14% agus an tSualainn 9%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 11% díobh chun na Stát Aontaithe agus 6% chun na hIorua.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 69% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 22%, an tSualainn 13% agus an Ísiltír 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 8% ón tSín agus 4% ón Iorua.

An Danmhairg san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 14 Fheisire ag an Danmhairg i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Danmhairg

Comhairle an Aontas Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Danmhairge i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Danmhairge lena linn:

Iúil-Nollaig 1973 | Eanáir-Meitheamh 1978 | Iúil-Nollaig 1982 | Iúil-Nollaig 1987 | Eanáir-Meitheamh 1993 | Iúil-Nollaig 2002 | Eanáir-Meitheamh 2012

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Danmhairg chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Danmhairg

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

9 n-ionadaí ag an Danmhairg ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

9 n-ionadaí ag an Danmhairg ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis an gcoiste sin chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Danmhairg i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Danmhairge chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Danmhairg?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Danmhairg a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d’íoc an Danmhairg isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Danmhairg.