Skip to main content

Forbhreathnú

Príomhchathair: an Bhratasláiv

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an tSlóvaicis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2009

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht dhaonlathach pharlaiminteach í an tSlóvaic ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, ag a bhfuil an phríomhchumhacht feidhmiúcháin agus ceann stáit, an t-uachtarán, arb é ceann foirmiúil an fheidhmeannais é, ach a bhfuil cumhachtaí teoranta aige. Tá an tír roinnte ina 8 réigiún, agus ainmníodh gach réigiún as a phríomhchathair. Ón mbliain 2002 ar aghaidh, tá leibhéal éigin neamhspleáchais ag na réigiúin sin.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Slóvaice in 2020: an tionsclaíocht (24.1%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (18.4) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (16.8%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 79 % d’easpórtálacha na Slóvaice (an Ghearmáin 22%, an tSeicia 11% agus an Pholainn 8%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 4% díobh chun na Stát Aontaithe agus chun na Ríochta Aontaithe araon, agus 3% chun Síne.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 80% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 20%, An tSeicia 18% agus an Ostair 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 4% ón gCóiré Theas agus ón tSín agus 3% ón Rúis.

An tSlóvaic san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 14 Fheisire ag an tSlóvaic i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa tSlóvaic

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Slóvaice i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.

Na tréimhsí a mbeidh an uachtaránacht faoi chúram na Slóvaice:

Iúil-Nollaig 2016

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Maroš Šefčovič, an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an tSlóvaic chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa tSlóvaic

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

9 n-ionadaí ag an tSlóvaic ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin – ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

9 n-ionadaí ag an tSlóvaic ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an tSlóvaic i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontas Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Slóvaice chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an tSlóvaic?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.

Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa tSlóvaic a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d'íoc an tSlóvaic isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don tSlóvaic.