An euro ina airgeadra oifigiúil
Is é an euro an t-airgeadra oifigiúil atá ag 21 mBallstát den Aontas Eorpach agus tugtar an limistéar euro ar na Ballstáit sin le chéile.
Tá roinnt tíortha san Aontas ag féachaint leis na critéir is gá chun dul isteach sa limistéar euro a chomhlíonadh agus tá cinneadh déanta ag an Danmhairg gan páirt a ghlacadh ann.
Laistigh den limistéar euro, is é an euro an t-aon airgead dlíthairgthe atá ann. Fágann sé sin go bhfuil sé d'oibleagáid ar chreidiúnaithe, in éagmais conradh sonrach maidir le modhanna íocaíochta, glacadh le híocaíochtaí in euro.
Mar sin féin, féadfaidh páirtithe toiliú freisin idirbhearta a dhéanamh in airgeadraí eachtracha oifigiúla eile (e.g. dollar SAM). Ina theannta sin, féadfaidh siad toiliú ‘airgead’ a eisítear go príobháideach a úsáid. Ina measc sin tá córais trádála malairte áitiúla (córais íocaíochta dearbhánbhunaithe, mar shampla) agus airgeadraí fíorúla (ar nós Bitcoin).
Tá na hidirbhearta príobháideacha agus gnó sin fós faoi réir dlí cánachais, dlí gnó, dlí i gcoinne sciúradh airgid agus faoi réir rialacha ginearálta eile a bhaineann le trádáil i dtráchtearraí. Mar sin féin, airgeadraí nach bhfuil oifigiúil laistigh den limistéar euro, níl siad sin faoi rialú ag an dlí airgeadaíochta.
Sainmhínítear stádas dlíthairisceana an euro i ndlí an Aontais, eadhon
- Airteagal 128 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chumhdaíonn nótaí bainc euro
- Airteagal 11 de Rialachán CE/974/98 a bhfuil feidhm aige maidir le boinn euro.
An euro digiteach
Tá an Banc Ceannais Eorpach ag obair le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro ar eisiúint fhéideartha euro digiteach. Modh íocaíochta digiteach poiblí a bheadh sa euro digiteach a bheadh ar fáil saor in aisce áit ar bith sa limistéar euro. Chomhlánódh sé nótaí bainc agus boinn, trí rogha bhreise a thabhairt do dhaoine i dtaca lena n-íocaíochtaí laethúla.