Skip to main content
Seirbhís idirinstitiúideach AE

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

European Personnel Selection Office - Logo

Forléargas

  • Ról: Eagraíonn sé próisis roghnúcháin ar ardchaighdeán chun baill foirne a earcú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
  • Stiúrthóir: Minna Vuorio
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • An líon foirne: 127
  • Láthair: An Bhruiséil (agus oifig aige i Lucsamburg)
  • Suíomh Gréasáin:An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne

Gníomhaíochtaí

Eagraíonn EPSO comórtais oscailte agus próisis roghnúcháin chun baill foirne a earcú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás:

  • Parlaimint na hEorpa
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • An Coimisiún Eorpach
  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
  • Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
  • An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
  • Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • Coiste Eorpach na Réigiún
  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
  • An tOmbudsman Eorpach.

Déanann EPSO timpeall 45,000 iarratas a phróiseáil in aghaidh na bliana ar thart ar 800 post bhuana. Sa bhreis air sin, déanann sé bainistiú ar bhunachar sonraí ina bhfuil níos mó ná 70,000 iarrthóirí cláraithe le haghaidh nach mór 600 post ar conradh in aghaidh na bliana.

Is minic a chomhroinneann EPSO dea-chleachtas le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is iad seirbhísí earcaíochta an Aontais is mó a bhaineann tairbhe as obair EPSO, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha ar phoist le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Baineann siad tairbhe as próisis roghnúcháin EPSO, próisis atá cothrom trédhearcach éifeachtúil. Cuireann na próisis sin ar a gcumas d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh an duine ceart a earcú sa phost ceart, ag an am ceart.

Is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costais de aon oifig amháin a bheith ann chun baill foirne a earcú in ionad é a fhágáil faoi gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais a bpróisis roghnúcháin nó a gcomórtais féin a eagrú.

Tuilleadh eolais

Poist le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Teagmháil

Ainm
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
Suíomh gréasáin
https://epso.europa.eu/ga
Uimhir ghutháin
+ 32 (0) 2 299 11 11
Seoladh poist
25, Avenue du Cortenbergh, 1000 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta