Bhí Altiero Spinelli ar dhuine d’údair Fhorógra Ventotene, ceann de na chéad doiciméad lenar tacaíodh le hEoraip aontaithe a chruthú agus bunreacht na hEorpa a dhréachtú. In éineacht le príosúnaigh pholaitíochta eile, scríobh sé an forógra nuair a bhí sé i bpríosún faoi chóras faisisteach na hIodáile ar oileán Ventotene.
Saol agus beatha
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhunaigh Spinelli Gluaiseacht Fheidearálach na hIodáile. Sna 1940idí agus sna 1950idí bhí Spinelli go mór chun cinn ag tacú leis an aidhm fheidearálach – Eoraip aontaithe. Sna 1960idí, ba chomhairleoir rialtais agus taighdeoir é Spinelli agus bhunaigh sé an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta sa Róimh. Ba bhall den Choimisiún Eorpach é idir 1970 agus 1976, agus in 1979 toghadh é ina Fheisire i bParlaimint na hEorpa.
Fís don Eoraip
In 1980, in éineacht le Feisirí eile a thacaigh leis an aidhm fheidearálach, bhunaigh sé ‘Club na gCrogall’ agus chuir baill an chlub rún síos go mbunódh an Pharlaimint coiste speisialta le togra a dhréachtú le haghaidh conradh nua maidir leis an Aontas Eorpach. An 14 Feabhra 1984 ghlac tromlach na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa an togra agus cheadaigh siad an ‘Dréacht-Chonradh ag bunú an Aontais Eorpaigh’, dá ngairtear ‘Plean Spinelli’.
Altiero Spinelli agus é ag labhairt an 8 Iúil 1981 in Strasbourg
Altiero Spinelli agus é ag labhairt an 8 Iúil 1981 in Strasbourg
Thar aon ní eile, ní mór dúinn leanúint de bheith ag méadú leibhéal rannpháirtíochta foriomlán na Parlaiminte. Is i ngeall air sin atá coiste parlaiminteach nua á lorg againn, ceann a dhíreodh ar an gceist sin amháin, cibé teideal a bheadh air. In am trátha, chuirfeadh sé tuarascálacha eatramhacha ar fáil, ina n-iarrfaí ar an bParlaimint cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna éagsúla a bheadh curtha i láthair agus an chomhthoil is fairsinge is féidir a fhorbairt trí dhíospóireacht oscailte. Ba é an aidhm a bheadh aige tionscadal athchóirithe a fháil glactha, agus tuiscint iomlán ag gach duine ar an suntas agus na himpleachtaí a bhainfeadh leis.
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Altiero Spinelli agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa