Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ursula Hirschmann: gníomhaí frithfhaisisteach agus feimineach

Saol agus beatha

Nuair a rinneadh Colorni a ghabháil agus a chur i bpríosún ar oileán Ventotene, chuaigh Hirschmann ann freisin chun a bheith ina theannta.

Ansin a chuir siad aithne ar Ernesto Rossi agus ar Altiero Spinelli, an bheirt a scríobh Forógra Ventotene le chéile in 1941 ‘ar son Eoraip shaor agus aontaithe’. Mheas go leor daoine gurb é sin túsphointe an fheidearálachais Eorpaigh. Ní fada go raibh an forógra léite ag go leor daoine i bhfrithbheartaíocht na hIodáile a bhí ag troid in aghaidh na Naitsithe.

Fís don Eoraip

Éilíodh san fhorógra briseadh le stair na hEorpa le go gcuirfí córas polaitiúil nua ar bun trí athstruchtúrú polaitíochta agus athchóiriú sóisialta a dhéanamh. Rinne Hirschmann an forógra a smuigleáil go mórthír na hIodáile agus chuidigh sí lena scaipeadh. 

Tar éis di Ventotene a fhágáil, tháinig sí go Milano agus chomhbhunaigh sí Movimento Federalista Europeo (Gluaiseacht Fheidearálach na hEorpa) in 1943. Nuair a dhúnmharaigh faisistithe Colorni, chuaigh Hirschmann ar teitheadh go dtí an Eilvéis, áit a raibh páirt aici in eagrú na chéad comhdhála feidearálaí idirnáisiúnta i bPáras in 1945.

Ní hamhlaidh a chuir Hirschmann a tiomantas polaitiúil i leataobh nuair a tháinig an Dara Cogadh Domhanda chun deiridh. In 1975 bhunaigh sí an comhlachas Femmes pour l’Europe (Mná ar son na hEorpa) sa Bhruiséil.

Ursula Hirschmann

Cóip de chárta aitheantais Iodálach Ursula Hirschmann.

Foilseachán

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Ursula Hirschmann agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa.

Tuilleadh eolais

Léachtaí Ursula Hirschmann na hInstitiúide Ollscoile Eorpaí.