Skip to main content
European Parliament - logo

Forléargas

  • Ról: Comhlacht AE a thoghtar go díreach, a bhfuil cúraimí reachtacha, maoirseachta, agus buiséadacha aige
  • Feisirí: 705 Fheisire (Feisirí Pharlaimint na hEorpa)
  • Uachtarán: Roberta Metsola
  • Bliain a bhunaithe: 1952 mar Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, 1962 mar Pharlaimint na hEorpa, an chéad toghchán díreach i 1979
  • Láthair: Strasbourg (an Fhrainc), an Bhruiséil (an Bheilg), Lucsamburg
  • Suíomh GréasáinParlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa comhlacht reachtóireachta an Aontais Eorpaigh. Toghann saoránaigh an Aontais a feisirí gach 5 bliana. Tharla an toghchán deiridh i mBealtaine 2019.

Toghcháin

Bhí na toghcháin Eorpacha ar siúl an 23-26 Bealtaine 2019.

Toghcháin Eorpacha 2019 - Tuilleadh faoi na torthaí

Cad a dhéanann an Pharlaimint?

3 phríomhról ag an bParlaimint:

Reachtach
  • Dlíthe AE a rith, in éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach
  • Cinneadh a dhéanamh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta
  • Cinneadh a dhéanamh faoi mhéaduithe
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chlár oibre an Choimisiúin agus a iarraidh air reachtaíocht a mholadh
Ról maoirseachta
  • Grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar institiúidí uile an Aontais Eorpaigh
  • Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh agus an Coimisiún mar chomhlacht a fhormheas. Féadfaidh sí tairiscint cháinte a dhéanamh, a chuirfeadh iallach ar an gCoimisiún éirí as.
  • Urscaoileadh a dheonadh, is é sin an chaoi inar caitheadh buiséid an Aontais a fhormheas
  • Achainí saoránach a scrúdú agus fiosrúcháin a bhunú
  • Beartas airgeadaíochta a phlé leis an mBanc Ceannais Eorpach
  • An Coimisiún agus an Chomhairle a cheistiú
  • Breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin
Buiséadach
  • Buiséad an Aontais a bhunú, in éineacht leis an gComhairle
  • Buiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an "Creat Airgeadais Ilbhliantúil" a fhormheas

Comhdhéanamh

Tá an líon Feisirí in aghaidh gach tír comhréireach lena daonra tríd is tríd, ach is trí chomhréireacht chéimlaghdaitheach atá sé mar sin: ní féidir le haon tír níos lú ná 6 Fheisire ná níos mó ná 96 Fheisire a bheith aici agus ní féidir an líon iomlán beith níos mó ná 705 (704 agus an tUachtarán). Déantar Feisirí a ghrúpáil de réir cleamhnacht pholaitiúil, seachas de réir náisiúntachta.

Déanann an tUachtaránionadaíocht thar ceann na Parlaiminte chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig an domhan mór agus is aige a bhíonn an focal deireanach faoin mbuiséad AE.

Cén chaoi a n-oibríonn an Pharlaimint?

Tá dhá phríomhchéim i gceist le hobair na Parlaiminte:

  • Coistí – chun reachtaíocht a ullmhú.
    20 coiste agus trí fhochoiste ag an bParlaimint, agus réimse beartais ar leith á láimhseáil ag gach ceann acu. Scrúdaíonn na coistí na tograí le haghaidh reachtaíochta, agus is féidir le Feisirí agus grúpaí polaitiúla leasuithe a chur ar aghaidh nó diúltiú do bille a mholadh. Déantar na saincheisteanna sin a chaibidliú laistigh de na grúpaí polaitiúla chomh maith.
  • Seisiúin iomlánacha – chun reachtaíocht a rith.
    Tagann na Feisirí go léir le chéile sa seomra chun vóta deiridh a chaitheamh ar an reachtaíocht mholta agus ar na leasuithe molta. De ghnáth is i Strasbourg a thionóltar iad ar feadh ceithre lá in aghaidh na míosa, ach bíonn seisiúin bhreise sa Bhruiséil uaireanta.

Tusa agus an Pharlaimint

Má theastaíonn uait a iarraidh ar an bParlaimint gníomhú ar shaincheist ar leith, is féidir achainí a chur chuici (tríd an bpost nó ar líne).

Is féidir ábhar ar bith a thagann faoi choimirce an Aontais Eorpaigh a bheith san achainí.

Chun achainí a chur isteach, ní mór duit bheith i do shaoránach de Bhallstát AE nó bheith i do chónaí san Aontas Eorpach. Ní mór do chuideachtaí nó eagraíochtaí eile bheith bunaithe anseo.

Ar na bealaí eile chun teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint áirítear dul i dteagmháil le d'fheisire áitiúil nó le hOifig Eolais Pharlaimint na hEorpa i do thír féin.

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar fhaisnéis

Seisiúin na Parlaiminte

Clár oibre Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Cuairt a thabhairt ar an bParlaimint

Cumhachtaí agus nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

Foilseacháin

Poist

Teagmháil

Ainm
Parlaimint na hEorpa
Suíomh gréasáin
http://www.europarl.europa.eu/portal/ga
Uimhir ghutháin
+32 2 284 21 11
Uimhir facs
+32 2 284 69 74
Seoladh poist
Rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta
European Parliament - logo