Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraitheCdT

Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT)

Translation Centre for the Bodies of the European Union

Forbhreathnú

Cuireann an tIonad Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin agus seirbhísí teanga gaolmhara eile do ghníomhaireachtaí, do chomhlachtaí agus d’institiúidí an Aontais Eorpaigh ar fud na hEorpa agus oibríonn sé i gcomhar leis na seirbhísí aistriúcháin eile san Aontas.

Gníomhaíochtaí

Cuireann sé seirbhísí teanga ar fáil do shainghníomhaireachtaí agus do shainchomhlachtaí an Aontais, go háirithe:

  • aistriúchán, lena n-áirítear aistriúchán uathoibríoch agus iar-eagarthóireacht iomlán agus éadrom ina dhiaidh
  • athbhreithniú
  • eagarthóireacht
  • téarmaíocht
  • fotheidealú físeáin
  • tras-scríobh
  • sainchomhairliúchán teanga.

Cuidíonn an tIonad leis na seirbhísí aistriúcháin atá ag institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn brú mór oibre orthu agus nuair a bhíonn siad i mbun tionscadail speisialta.

Agus comhoibríonn sé le seirbhísí aistriúcháin eile an Aontais sa Choiste Idirinstitiúideach um Aistriúchán agus Ateangaireacht chun:

  • modhanna oibre agus uirlisí níos éifeachtúla a chur ar fáil
  • próisis na seirbhísí aistriúcháin éagsúla de chuid an Aontais a chur i gcomhréir le chéile
  • coigiltis a dhéanamh i mbuiséad iomlán an aistriúcháin san Aontas
  • comhoibriú ar thionscadail mhóra, amhail IATE, bunachar sonraí téarmaíochta an Aontais.

Ar deireadh, cuidíonn an tIonad le Creat straitéiseach an Aontais maidir le hilteangachas a chur chun feidhme, rud darb aidhm scileanna teanga na saoránach a fheabhsú.

Conas a oibríonn sé

  • 70 cliantchomhlacht ag an Ionad a ordaíonn a gcuid oibre trí thairseach tiomnaithe ar líne agus seoltar sonrasc chucu maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear dóibh.
  • Ós rud é go gcumhdaíonn gníomhaireachtaí an Aontais lear mór réimsí, déileálann an tIonad leis an iliomad téacs speisialaithe i réimse leathan teangacha den Aontas agus teangacha nach den Aontas iad.
  • Chomh maith leis sin seolann an tIonad obair chuig na mílte saoraistritheoirí. Seiceálann teangeolaithe an Ionaid an obair sin sula seoltar chuig an gcliant í.

Tuilleadh eolais

Foilseacháin

Straitéis an Ionaid Aistriúcháin

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí agus cláir oibre

Deiseanna fostaíochta

Glaonna ar thairiscintí

Teagmháil

Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh

Ainm
Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://cdt.europa.eu/ga
Uimhir ghutháin
+352 421 71 11
Seoladh poist
Bâtiment Technopolis Gasperich, 12E rue Guillaume Kroll, 1882 Lucsamburg, Lucsamburg
Na meáin shóisialta