Skip to main content

Stair an Aontais Eorpaigh 1990-99

An Eoraip gan teorainneacha

Seoladh an margadh aonair in 1993 mar chuid de na ‘ceithre shaoirse’, is iad sin saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus airgid. Ba sna 1990idí a síníodh dhá chonradh freisin – an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht) in 1993 agus Conradh Amstardam in 1999. Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach in 1995, agus ba i ndiaidh sráidbhaile beag i Lucsamburg a ainmníodh an comhaontú Schengen, comhaontú a ligfeadh do dhaoine, de réir a chéile, cuid mhór den Aontas a thaisteal gan dul faoi sheiceálacha pasanna.

1991 – Scoilt na hIúgslaive

Sna Balcáin, thosaigh an Iúgslaiv ag briseadh ó chéile. Bhí na mílte taismeach ann de bharr na gcogadh a lean sin agus a mhair ar feadh cuid mhaith den deich mbliana a bhí le teacht.

7 Feabhra 1992 – Conradh Maastricht

Síníodh an Conradh ar an Aontas Eorpach in Maastricht na hÍsiltíre. Cloch mhíle thábhachtach i stair an Aontais Eorpaigh is ea é seo, arae leagadh síos trína bhíthin rialacha soiléire don am a bhí le teacht maidir leis an airgeadra aonair, maidir le gnóthaí eachtracha agus slándála agus maidir le comhar níos dlúithe i ngnóthaí ceartais agus baile. Cruthaíodh ‘an tAontas Eorpach’ go hoifigiúil leis an gconradh sin a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 1993.

1 Eanáir 1993 – Seoladh an mhargaidh aonair

Bunaíodh an margadh aonair agus na ceithre shaoirse – saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus airgid. Comhaontaíodh na céadta dlíthe ó bhí 1986 ann, dlíthe a phléigh le beartas cánach, le rialacháin ghnó, le cáilíochtaí gairmiúla agus le nithe eile is féidir a bheith ina mbacainn roimh theorainneacha oscailte. Cuireadh moill ar shaorghluaiseacht i dtaca le roinnt seirbhísí, áfach.

1 Eanáir 1994 – Cruthaíodh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Tháinig an comhaontú lenar bunaíodh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i bhfeidhm, agus leathnaíodh an margadh aonair chuig tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Sa lá atá inniu ann is féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal bogadh thart ar fud 30 tír an LEE (27 mBallstát an Aontais móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua). Níl an tSualainn páirteach san LEE ach tá rochtain aici ar an margadh aonair.

1 Eanáir 1995 – Tháinig trí Bhallstát nua isteach san Aontas Eorpach: an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn

Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach. Bhí 15 Bhallstát san Aontas faoin tráth seo, an chuid is mó de thíortha Iarthar na hEorpa.

26 Márta 1995 – Cuireadh tús leis an taisteal gan teorainneacha i seacht dtír

Tháinig Comhaontú Schengen i bhfeidhm i seacht dtír, mar atá an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil agus an Spáinn. Tugadh cead do thaistealaithe gluaiseacht ó cheann ar bith de na tíortha sin go ceann ar bith eile díobh gan dul faoi rialú pasanna ag na teorainneacha. Faoi 2021, bhí 26 thír i Limistéar Schengen, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an tSualainn ina measc, ar limistéar é inar féidir taisteal gan phas.

2 Deireadh Fómhair 1997 – Conradh Amstardam

Síníodh Conradh Amstardam. Leis an gconradh sin, tógadh ar an méid a baineadh amach le conradh Maastricht agus leagadh síos pleananna chun institiúidí an Aontais a athchóiriú, chun guth níos láidre a thabhairt don Eoraip sa domhan agus chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar fhostaíocht agus ar chearta na saoránach. Is an 1 Bealtaine 1999 a tháinig sé i bhfeidhm.

1 Eanáir 1999 – Tús an euro

Tugadh an euro isteach in 11 tír le haghaidh idirbhearta tráchtála agus airgeadais amháin. Bhí nótaí agus boinn le teacht isteach níos déanaí. Is iad seo a leanas na tíortha arbh é an euro a n-airgeadra an tráth sin: an Bheilg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil agus an Spáinn. Chinn an Danmhairg, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe gan glacadh leis an euro go fóill.