Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh – 2020 go dtí an t-am i láthair

Eanáir 2020 – Freagairt chomhchoiteann an Aontais ar COVID-19

Spreag paindéim COVID-19 móréigeandáil sláinte poiblí agus moilliú ar an ngeilleagar. D’oibrigh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit le chéile chun tacú leis na córais cúraim sláinte, chun leathadh an víris a shrianadh agus chun vacsaíní a fháil do dhaoine san Aontas agus níos faide i gcéin. Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir leis an bpacáiste spreagtha is mó a maoiníodh riamh ó bhuiséad an Aontais agus béim á leagan ar théarnamh glas agus digiteach de réir mar a oibríonn an tAontas i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

31 Eanáir 2020 – D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach tar éis di a bheith ina Ballstát ar feadh 47 mbliana, cinneadh a chuir tús le caibidil nua ina caidreamh leis an Aontas Eorpach.

An Caidreamh leis an Ríocht Aontaithe

Aibreán 2021 – Seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

Sheol an tAontas an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a mhair bliain in 2021. An cleachtadh daonlathais rannpháirtíochta nach raibh a leithéid ann roimhe, thug sé deis ar leith do shaoránaigh an Aontais a dtuairimí a nochtadh agus cuidiú chun todhchaí an Aontais a mhúnlú. 

Feabhra 2022 – ionradh á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin

Cháin an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta go géar cogadh foghach na Rúise gan údar gan chúis. Ghlac an tAontas Eorpach sraith smachtbhannaí diana i gcoinne na Rúise agus chuir sé cúnamh airgeadais, daonnúil, míleata agus cúnamh eile ar fáil don Úcráin.