
Chreid Aire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg Joseph Bech go láidir gur tábhachtach tíortha comharsanacha a thabhairt le chéile i gcomhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus polaitiúla, ar nós an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Bhí ról tábhachtach aige cheana féin in Aontas Custaim Benelux a chruthú idir rialtas Lucsamburg, dár oibrigh sé féin, rialtas na Beilge agus rialtas na hÍsiltíre agus iad díbeartha in 1944.
Go dtí le gairid, measadh gur smaoineamh Útóipeach é coincheap uaillmhianach na hEorpa aontaithe, ach sa lá atá inniu ann tá an coincheap sin fíoraithe agus faoi bhláth.
Saol agus beatha
Cé is moite de chosc a chur ar choinbhleacht thubaisteach ar nós an Dara Cogadh Domhanda, chonacthas do Bech gur dheis é bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach dá thír bheag a rian féin a fhágáil ar Eoraip nua. Chreid sé freisin, faoi mar a chreid go leor polaiteoirí san am, go gcoimeádfadh dlúthchaidrimh agus naisc cheangailteacha an Eoraip ó í féin a réabadh as a chéile arís.
Fís don Eoraip
Mí an Mheithimh 1955 rinne Joseph Bech cathaoirleacht ar Chomhdháil Messina, as a dtáinig Conradh na Róimhe lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an eagraíocht a bhí ann roimh an Aontas Eorpach. Díríodh ag an gComhdháil sin ar mheabhrán a thíolaic trí thír Benelux agus bhí Bech i láthair ann mar ionadaí Lucsamburg.
Joseph Bech ag labhairt dó in Strasbourg in 1968
Joseph Bech ag labhairt dó i 1968 in Strasbourg
Cad chuige, dáiríre, a theastaigh uainn an Eoraip a dhéanamh tar éis an Dara Cogadh Domhanda? Mheasamar nár mhór Eoraip nua a chruthú chun an Fhrainc agus an Ghearmáin a thabhairt chun athmhuintearais sa chreat nua seo.
Agus tugaimis faoi deara gur chruthaíomar idé na hEorpa, ar a laghad sa réimse sin, ceann ríthábhachtach óir is air a bhí síocháin na hEorpa ag brath. Is ansin a baineadh amach ceann de chuspóirí, de thucaidí, an choimheascair ar son na hEorpa.
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Joseph Bech agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa