An oibríocht phróiseála: Ionad Teagmhála Europe Direct
Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht C, Aonad COMM.C.2
Tagairt taifid: DPR-EC-00080
Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad arna dtabhairt a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat ó thaobh do shonraí pearsanta de. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
An fhaisnéis maidir le hIonad Teagmhála Europe Direct a bhainistiú, feidhm a dhéanann Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht C, Aonad C.2 (COMM.C.2), cuirtear i láthair í thíos.
Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: feidhmiú agus bainistiú Ionad Teagmhála EUROPE DIRECT (EDCC) a éascú. Déanann EDCC d’eolas pearsanta a phróiseáil chun freagraí díreacha pearsantaithe a chur ar fáil duit ar cheisteanna ginearálta a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
Nuair a chuireann tú ceist isteach, is féidir leat freisin liostáil le seirbhís liosta seoltaí EDCC, ar seirbhís í a scaipeann eolas maidir le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
D’fhéadfá do chuid fiosrúchán a dhéanamh ar an nguthán, le ríomhphost nó trí aip teachtaireachtaí meandaracha. I gcás ina n-úsáidtear aip teachtaireachtaí meandracha, tarchuirfear d’fhiosrúchán chuig an EDCC gan aon bhogearraí idirghabhálaí a úsáid. Déileáiltear le ceisteanna trí aipeanna teachtaireachtaí meandracha ar an mbealach céanna a láimhseáiltear glaonna gutháin agus ríomhphoist – is é sin, stórálfaidh córas TF EDCC na sonraí céanna faoi na coinníollacha céanna.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
(a) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid de chuid an Aontais nó don chomhlacht de chuid an Aontais:
(b) an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta atá nasctha le hIonad Teagmhála EUROPE DIRECT, tá gá leis ar mhaithe le bainistiú agus feidhmiú an Choimisiúin, mar a shainordaítear sna Conarthaí, agus go háirithe in Airteagal 5 de CAE, Airteagal 13 de CAE agus Airteagail 244-250 de CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 11 de CAE.
(c) Tacú le gníomhaíochtaí cumarsáide Ionad Teagmhála EUROPE DIRECT (cuir i gcás eolas ginearálta a chur ar fáil do shaoránaigh maidir le gníomhaíochtaí an Aontais, chun infheictheacht obair institiúidí an Aontais a mhéadú, agus maidir leis na cinntí a dhéantar agus leis na céimeanna a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar an Eoraip), is cúram é sin a eascraíonn as sainchearta an Choimisiúin ar an leibhéal institiúideach, mar a fhoráiltear in Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(d) Tá cead tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;
Ar bhonn do thoilithe, is é EDCC a fhreagraíonn do cheist (ar an nguthán, le ríomhphost nó trí aip teachtaireachtaí meandracha). Is ar bhonn deonach a chuireann tú do thoiliú ar fáil agus cuireann tú ar fáil é go heisiach trí fhoirmeacha gréasáin atá le fáil ar shuíomh gréasáin EDCC.
Nuair a chuireann tú ceist isteach, is féidir leat freisin liostáil le seirbhís liosta seoltaí EDCC, ar seirbhís í a scaipeann eolas maidir le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Chun liostáil le liosta seoltaí EDCC, cuir tic le: ‘Tugaim údarás don Choimisiún Eorpach mo sheoladh ríomhphoist a chur le liosta seoltaí Europe Direct’, atá ar an bhfoirm fiosrúcháin.
Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?
Tá sé éigeantach sonraí pearsanta áirithe a chur ar fáil ionas go mbeidh Ionad Teagmhála Europe Direct in ann do cheist a fhreagairt:
- ainm agus sloinne
- sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, náisiúntacht, tír chónaithe)
- an teanga chumarsáide is rogha leat agus teangacha cumarsáide eile.
Ag brath ar an gcineál fiosrúcháin agus ar an gcainéal a úsáidtear, d’fhéadfaí sonraí pearsanta níos sonraí a iarraidh nó a phróiseáil (e.g. uimhir ghutháin, ainm an chuntais teachtaireachtaí meandracha agus aitheantas an chuntais theicniúil, taifeadtaí de chomhráite teileafóin a rinneadh chun críoch oibríochtúil, seoladh IP an ghléis a úsáideadh chun fiosrúchán a chur isteach tríd an bhfoirm ghréasáin) nó fíricí a bhaineann le do cheist (e.g. clár de chuid an Aontais a nglacann tú páirt ann). Má úsáideann tú teachtaireachtaí meandracha, féadfaidh an aip roinnt meiteashonraí a stóráil nó a tharchur don chuideachta ar léi an aip). Is gné aitheanta é seo den aip nach féidir leis an teicneolaíocht atá ar fáil a eisiamh.
I gcás na foirme gréasáin maidir le cearta paisinéirí, tá feidhm ag na réimsí breise riachtanacha seo a leanas:
- eolas lena soiléirítear ar cuireadh gearán isteach go fóill nó nár cuireadh
- An cineál eachtra (aer, bus, iarnród, ar uisce), an cineál eachtra (cealú, moill, etc.) agus tuairisc ar an eachtra
I gcás na foirme gréasáin maidir leis an tSeirbhís Fiosrúcháin Taighde (RES), tá feidhm ag na réimsí breise riachtanacha seo a leanas:
- an cineál eagraíochta
- eolas maidir leis an gcaoi a bhfuarthas amach faoin bhfoirm ghréasáin maidir le RES
- ábhar
- réimse an chláir
I gcás na foirme gréasáin Europass:
- faisnéis roghnach maidir leis an am agus na cúinsí teicniúla le haghaidh fadhbanna teicniúla.
Moltar duit gan faisnéis phearsanta íogair a thabhairt mar chuid de d’fhiosrúchán, cuir i gcás maidir le do shláinte phearsanta nó do staid airgeadais.
Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun próiseáil bhreise a dhéanamh orthu.
Na sonraí pearsanta a thugtar do EDCC, déanfar iad a stóráil a fhad agus is gá gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i dtaca leis na ceisteanna, sin agus chun an bainistiú gaolmhar a dhéanamh orthu, gearráin a láimhseáil, agus ar mhaithe le rialú cáilíochta agus staitisticí freisin. Déanfar na sonraí pearsanta uile a scriosadh ó bhunachair sonraí EDCC tráth nach déanaí ná 3 (trí) bliana tar éis an cheist a a bheith seolta isteach.
Cén chaoi a ndéanaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choimirciú?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí, agus is laistigh den Aontas Eorpach atá na freastalaithe sin uile. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal ag clásal conarthach ar leith maidir le haon oibríocht phróiseála a dhéantar ar do shonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla atá ann, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.
Cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?
Tugtar rochtain ar na sonraí pearsanta do phearsanra údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh agus do na conraitheoirí sna hinstitiúidí sin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.
Baill foirne a bhfuil sainordú acu in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, tá rochtain acu ar bhunachar sonraí EDCC agus ar liosta seoltaí EDCC, rud a bhfuil gá leis chun iarrataí ar fhaisnéis a éascú.
Baill foirne a bhfuil sainordú acu i seirbhísí eile an Choimisiún Eorpaigh, tá rochtain pháirteach nó theoranta acu ar bhunachar sonraí EDCC, rud a bhfuil gá leis chun iarrtaí sonracha ar fhaisnéis a fhaigheann EDCC a éascú.
Baill foirne a bhfuil sainordú acu in institiúidí eile an Aontais Eorpaigh (An tAonad um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) Pharlaimint na hEorpa), tá rochtain pháirteach nó theoranta acu ar bhunachar sonraí EDCC, rud a bhfuil gá leis chun iarrtaí sonracha ar fhaisnéis a fhaigheann EDCC a éascú.
Baill foirne a bhfuil sainordú acu i bpróiseálaithe agus i gconraitheoirí seachtracha an Choimisiúin, féadfar an fhaisnéis is gá a sholáthar dóibh chun iarrtaí ar fhaisnéis a éascú agus chun an tacaíocht lóistíochta agus eagraíochtúil is gá a chur ar fáil.
Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725. A mhéid a bhaineann leis an oibríocht phróiseála sin, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:
- an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- i gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart chun iniomparthachta sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Má thug tú do thoiliú d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht C, Aonad C.2 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha, is féidir leat é a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don rialaitheoir sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin, más gá. Tá a shonraí teagmhála le fáil faoi Rannán 9.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí próiseála ar leith, déan cur síos orthu (i.e. tagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10) i d’iarratas.
Eolas teagmhála
An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil a leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóirtheacht na Cumarsáide, Aonad C.2. (COMM-ED-CC
ec [dot] europa [dot] eu (COMM-ED-CC[at]ec[dot]europa[dot]eu))
Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER
ec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (is é sin is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps
edps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir atá déanta ag an gCoimisiún ar shonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/dpo-register.
Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00080