Ba mharthanóir ó shluachampaí géibhinn na Naitsithe í Simone Veil, agus ba é an tráma a bhain di le linn a hóige agus le linn an Dara Cogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.
Saol agus beatha
Thosaigh saol polaitiúil Veil nuair a chuaigh sé leis an dlí mar ghairm agus í ina hógbhean. In 1974, chuaigh sí isteach i rialtas na Fraince faoin Uachtarán Giscard d’Estaing mar Aire Sláinte.
Go luath i ndiaidh a ceapacháin, throid sí chun an ginmhilleadh a dhéanamh dleathach sa Fhrainc agus níor éirigh léi go dtí gur thaobhaigh an freasúra sa chomhthionól náisiúnta léi chun an dlí a ghlacadh in 1975. Measadh gur chéim mhór chun tosaigh a bhí ann agus mar gheall ar sin, is é 'la loi Veil’ a tugadh ar an dlí go forleathan ina dhiaidh sin.
Fís don Eoraip
Nuair a d'iarr Giscard d’Estaing ar Veil a bheith in airde liosta iarrthóirí a pháirtí sa chéad toghchán díreach in 1979 do Pharlaimint na hEorpa, thapaigh sí an deis go fonnmhar.
Toghadh Veil go cuí chun Parlaimint na hEorpa agus roghnaigh an Pharlaimint mar Uachtarán í, agus ar an dóigh sin rinneadh ceannaire di ar an gcéad Pharlaimint Eorpach ar toghadh go díreach í agus ba í an chéad bhean a bhí ina ceannaire ar Institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. Bronnadh duais Charlemagne uirthi dhá bhliain ina dhiaidh sin, duais a thugtar do dhuine chun a n-iarrachtaí ar son aontacht na hEorpa a cheiliúradh.
Físeán ómóis Pharlaimint na hEorpa do Simone Veil.
(Níl seo ar fáil i do theanga.)
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Simone Veil agus an méid a chur sí leis an tionscadal Eorpach