Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ceannródaithe an Aontais

Cruthaíodh an Eoraip mar atá sí inniu a bhuí le spreagadh na gceannairí físeacha a ndéantar cur síos orthu sa rannán seo, ina measc sin tá trodaithe frithbheartaíochta, marthanóirí an uileloiscthe, polaiteoirí agus réalta scannán go fiú.

Rinne cuid mhór acu a ndícheall deireadh a chur leis na huafáis a bhain leis an dá chogadh dhomhanda agus chuir siad an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht chun cinn. Sheas siad an fód ar son na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe:

  • an tsaoirse, an daonlathas agus an comhionannas
  • urraim do dhínit an duine, cearta an duine agus an smacht reachta
  • dlúthpháirtíocht agus cosaint don uile dhuine

Chuidigh siad chun na córais a fhorbairt ónar eascair cobhsaíocht eacnamaíoch agus an euro, sin agus thacaigh siad le stair shaibhir chultúrtha na hEorpa agus leis an éagsúlacht theangeolaíoch. Sa rannán seo, déantar ceiliúradh ar na dóigheanna ar chuir siad leis an Eoraip mar atá sí sa lá atá inniu ann. A bhuí lena misneach agus lena dtiomantas, is réigiún síochánta cobhsaí é an Eoraip inniu.

Alcide De Gasperi

Faigh eolas faoi Alcide De Gasperi, iar-phríomhaire na hIodáile a rinne idirghabháil idir an Fhrainc agus an Ghearmáin mar chuid de lánpháirtíocht na hEorpa tar éis an chogaidh

Altiero Spinelli

Faigh eolas faoi Altiero Spinelli, an polaiteoir Iodálach a bhunaigh an Ghluaiseacht Fheidearálach agus a thacaigh le bunreacht na hEorpa a dhréachtú

Anna Lindh

Faigh eolas faoi Anna Lindh, Aire Gnóthaí Eachtracha na Sualainne agus tacadóir chearta an duine, bean a thacaigh le próiseas lánpháirtíochta na hEorpa

Jean Monnet

Faigh eolas faoi Jean Monnet, polaiteoir Francach a mheastar a bheith ina ailtire, in éineacht le Robert Schuman, ar thionscadal comhtháthaithe na hEorpa

Helmut Kohl and François Mitterrand holding hands

Faigh eolas faoi Helmut Kohl, Seansailéir na Gearmáine agus François Mitterrand, Uachtarán na Fraince, ar beirt iad a chothaigh athmhuintearas iarchogaidh idir a ndá thír

Johan Willem Beyen

Faigh eolas faoi Johan Willem Beyen, baincéir, fear gnó, agus polaiteoir de chuid na Ísiltíre a chuir le chéile an plean le haghaidh cómhargadh na hEorpa agus aontas custaim

Joseph Bech

Faigh eolas faoi Joseph Bech, aire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg a chuidigh chun Aontas Custaim Benelux a chur le chéile agus a thacaigh le tuilleadh lánpháirtíochta san Eoraip

Konrad Adenauer

Faigh amach faoi Konrad Adenauer, Seansailéir na Gearmáine a rinne an comhar Eorpach agus bunú an Chomhphobail do Ghual agus Cruach a chur chun cinn.

Louise Weiss

Faigh amach faoi Louise Weiss, an t-iriseoir ón bhFrainc agus an polaiteoir Eorpach ar chrann taca do luachanna Eorpacha agus do chearta na mban í

Marga Klompé

Faigh eolas faoi Marga Klompé, polaiteoir, eolaí agus tacadóir chearta an duine, bean ón Ísiltír a rinne a cion féin chun an margadh aonair a chruthú

Melina Mercouri

Faigh amach faoi Melina Mercouri, aisteoir agus polaiteoir Gréagach a bhí i mbun feachtais ar son an chomhair chultúrtha ar fud na hEorpa

Nicole Fontaine

Faigh eolas faoi Nicole Fontaine, an polaiteoir Francach agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a chuaigh i mbun feachtais ar son oideachas don óige agus Eoraip na saoránach

Nilde Iotti

Faigh eolas faoi Nilde Iotti, státaire ón Iodáil a rinne gaisce ar son chearta na mban, bean a bhí ar son ceart vótála a bheith ag cách, sin agus toghcháin dhíreacha a bheith ann ar an leibhéal Eorpach

Paul-Henri Spaak

Faigh amach faoi Paul-Henri Spaak, an státaire Beilgeach a chuidigh Aontas Custaim Benelux a bhunú, aontas a ghríosaigh tuilleadh lánpháirtíocht Eorpach

Robert Schuman

Faigh amach faoi Robert Schuman, a mheastar a bheith ina ailtire, in éineacht le Jean Monnet, ar thionscadal comhtháthaithe na hEorpa

Sicco Mansholt

Faigh tuilleadh eolais faoi Sicco Mansholt, feirmeoir Ísiltíreach, trodaí sa fhrithbheartaíocht agus polaiteoir a spreag comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh

Simone Veil

Faigh amach faoi Simone Veil, duine a tháinig slán as an Uileloscadh, polaiteoir agus an chéad Uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa

Ursula Hirschmann

Faigh amach faoi Ursula Hirschmann, gníomhaí frithfhaisisteach agus feimineach a chruthaigh Gluaiseacht Fheidearálach na hEorpa.

Walter Hallstein

Faigh eolas faoi Walter Hallstein, taidhleoir, an chéad Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, agus fear a rinne a chion féin le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a chruthú

Winston Churchill

Faigh eolas faoi Sir Winston Churchill, oifigeach arm, tuairisceoir cogaidh agus Príomh-Aire de chuid na Breataine, duine a bhí ag iarraidh Stáit Aontaithe na hEorpa a chruthú