Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Jean Monnet: an fórsa comhaontaithe laistiar de bhreith an Aontais Eorpaigh

Leanaigí oraibh, leanaigí oraibh, níl aon todhchaí ann do mhuintir na hEorpa mura mbeimid aontaithe.

Jean Monnet

Saol agus beatha

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda in 1914, rinne Monnet teagmháil leis an rialtas agus moladh aige iompar soláthairtí cogaidh a chomhordú ar dhóigh níos fearr i gcomhar le comhghuaillithe na Fraince. Ina dhiaidh sin, ainmníodh é ina Leas-Ard-Rúnaí ar Chonradh na Náisiún nuair a cruthaíodh in 1919 é. Ceapadh Monnet ina bhall de Choiste na Fraince don tSaoirse Náisiúnta in 1943, rialtas de facto na Fraince a bhí ar deoraíocht i gCathair na hAilgéire. Is ag an am sin a léirigh sé go hoscailte an aisling a bhí aige maidir le hEoraip Aontaithe chun an tsíocháin a dhaingniú.

Fís don Eoraip

Agus an teannas idirnáisiúnta ag dul i méid, shíl Monnet gur mhithid dul sa tóir ar aontacht na hEorpa agus thosaigh sé féin agus a fhoireann ag obair ar choincheap an Comhphobail Eorpaigh. An 9 Bealtaine 1950, thug Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an rud dá ngairtear 'Dearbhú Schuman' thar ceann rialtas na Fraince.

Monnet a thionscain agus a d'ullmhaigh an Dearbhú lenar moladh táirgeadh uile guail agus cruach na Gearmáine agus na Fraince a chur faoi ard-údarás amháin. Ba é an bunsmaoineamh go gcoiscfí aon chogadh feasta dá roinnfeadh an dá thír ba chumhachtaí san Eoraip táirgeadh na n-acmhainní sin eatarthu.

Jean Monnet on the integration of Europe.
Jean Monnet on the integration of Europe.

 

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Jean Monnet agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa