Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Nilde Iotti: bean a bhí ar son ceart vótála a bheith ag cách agus a bhí ina bunaitheoir ar Phoblacht na hIodáile

Is éard is mithid dúinn a dhéanamh an easpa daonnachta a bhaint as na huaireanta oibre atá i bhfeidhm, as cláir ama na gcathracha, agus as rithim an tsaoil féin. Is mithid dúinn fós an cur amach atá againn ar an saol laethúil a chur i gcion ar chúrsaí polaitíochta, agus gach ní dá laghad a thabhairt san áireamh, ionas nach féidir do chách – idir pholaiteoirí, airí rialtais, eacnamaithe, agus riarthóirí áitiúla – ach glacadh sa deireadh thiar le saol na mban mar atá i bhfírinne.

Nilde Iotti

Saol agus beatha

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí Nilde Iotti ar dhuine de phríomheagraithe Aontas na mBan san Iodáil, aontas a bhí faoi stiúir an Pháirtí Chumannaigh. Nuair a tugadh cead vótála do na mná ar fad in 1945, bhí tacaíocht mhór ag Iotti i measc na vótálaithe ban, agus in 1946 toghadh chun an tionóil bunreachta í, áit a raibh sé de chúram uirthi an chaibidil faoi bheartas clainne a dhréachtú i mbunreacht nua na Poblachta.

Le linn na mblianta a chaith sí leis an bpolaitíocht, sheas sí sa bhearna bhaoil ar son chearta na mban. Thug sí tacaíocht don dá fheachtas ar son dhlí an cholscartha agus dhlí an ghinmhillte, dhá ní a raibh tús áite dóibh ag gluaiseacht na mban, agus is maith a d’éirigh na feachtais leo.

Fís don Eoraip

Toghadh Iotti ina comhalta de chuid Pharlaimint na hEorpa in 1969. Is é tosaíocht a bhí aici ina Feisire di toghcháin oscailte le haghaidh Pharlaimint na hEorpa ina dtoghfadh saoránaigh na hEorpa a gcuid ionadaithe go díreach. Is éard ba dhóigh le Iotti gurbh amhlaidh a chuirfí bonn docheistithe faoin bParlaimint, sin agus a dóthain creidiúnachta le gníomhú thar ceann na ndaoine.

In 1979, bhí toradh ar obair Iotti agus a cuid comhghleacaithe arae reáchtáladh toghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa den chéad uair riamh. Is gairid ina dhiaidh sin a tháinig deireadh leis an gceangal a bhí aici leis an bParlaimint ar feadh leathscór bliain, agus bhí sí ar choiste na Parlaiminte um Ghnóthaí Eachtracha le linn an ama sin chomh maith. Sa bhliain 1997, toghadh ina leas-uachtarán ar Chomhairle na hEorpa í. Is eagraíocht um chearta an duine í Comhairle na hEorpa a bhfuil 47 mballstát inti.

Nilde Iotti during the European Parliament presidential election in 1979

Nilde Iotti le linn thoghchán uachtaránachta Pharlaimint na hEorpa in 1979

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Nilde Iotti agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa

Tuilleadh eolais