Walter Hallstein – ceannródaí de chuid an Aontais | An tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Walter Hallstein: curadh taidhleoireachta a chuir seoladh mín éasca faoi lánpháirtíocht na hEorpa

Is éard is aidhm don chómhargadh an Eoraip a aontú go polaitiúil.

Walter Hallstein

Saol agus beatha

Thug Hallstein faoina phost mar Uachtarán ar an gCoimisiún leis an tiomantas céanna a bhí aige nuair a thug sé faoi aontú na hEorpa, agus is é an t-eolas agus an taithí speisialaithe a bhí aige ar an réimse a spreag an Seansailéir Konrad Adenauer chun é a cheapadh ina cheann ar thoscaireacht na Gearmáine ag Comhdháil Schuman maidir leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bhunú in 1950. Le linn na naoi mbliana a chaith sé ina Uachtarán ó 1958 go 1967, ba mhaith an aghaidh air an méid a chuir na tréithe sin ar a chumas dó, agus tréithe nach iad.

Fís don Eoraip

Rinne Hallstein cion fir le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bhunú ar mhaithe le haontacht na hEorpa a thabhairt chun cinn. Is ag Comhdháil Messina in 1955 a glacadh na chéad chéimeanna i dtreo na lánpháirtíochta eacnamaíche sin, rud a d’fhág gurbh fhusa feasta daoine, seirbhísí, agus earraí a chur ag gluaiseacht.

An lánpháirtíocht uilechuimsitheach a luaithe ab fhéidir, sin é ab áil le Hallstein ar dtús, ach chuir polaitíocht na linne i dtuiscint dó gur comhtháthú céim ar chéim ar mhargaí na mBallstát ab fhearr a rachadh chun tairbhe do chách.

Tháinig Conradh na Róimhe i bhfeidhm in 1958, agus roghnaíodh Hallstein ar an gcéad Uachtarán ar Choimisiún Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Walter Hallstein ag labhairt dó an 2 Márta 1953 in Strasbourg

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Walter Hallstein agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa