Ba é Konrad Adenauer an chéad Seansailéir ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ó 1949–63 agus d’imir sé níos mó tionchair ná aon duine eile ar stair iarchogaidh na Gearmáine agus na hEorpa. Fearacht a lán polaiteoirí eile ar chomhaois leis, thuig Adenauer cheana féin tar éis an Chéad Chogadh Domhanda gur Eoraip aontaithe an t-aon bhealach a bhféadfaí síocháin bhuan a bhaint amach.
Saol agus beatha
Rugadh in Köln an 5 Eanáir 1876 é, phós sé bean ón uasaicme, agus ba de thairbhe an chleamhnais sin a chuaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhain sé leas iomlán as na buanna polaitíochta a bhí aige, agus le linn dó bheith ina bhall den pháirtí Caitliceach ‘Zentrum’ tháinig bláth ar a ghairm agus ceapadh ina Mhéara ar Köln é in 1917.
Deireanach sna 1920daí, chuir an Páirtí Sóisialach Náisiúnta (na Naitsithe) tús le feachtas béadchainte ar Adenauer. In 1933 agus na Naitsithe i gcumhacht, dhiúltaigh Adenauer an chathair a mhaisiú le svaisticí le linn chuairt Hitler ar an gcathair. Cuireadh as oifig é mar gheall air sin, agus rinneadh a chuntais bhainc a reo. Cuireadh Adenauer in Brauweiler, príosún cáiliúil an Gestapo in Köln, tráth nár éirigh le hiarracht feallmharaithe a rinneadh ar Hitler in 1944.
I ndiaidh an chogaidh, dhírigh Adenauer ar bhunú Aontas Daonlathach Críostaí (CDU). Bhí súil aige go n-aontófaí Protastúnaigh agus Caitlicigh na Gearmáine in aon pháirtí amháin. In 1949, ceapadh ina chéad Seansailéir ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine (an Ghearmáin Thiar) é.
Fís don Eoraip
Rinneadh an taithí a fuair sé le linn an Dara Cogadh Domhanda réalaí polaitiúil de Adenauer, agus dhírigh sé a aird ar an gcoincheap de chomhar uile-Eorpach a chur chun cinn. Thacaigh Adenauer go mór leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, a seoladh le Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950, agus leis an gConradh ag bunú Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, sínithei mí an Mhárta 1957.
Konrad Adenauer ag caint in Metz, 1966
Konrad Adenauer ag labhairt dó an 2 Iúil 1966 in Metz
Má éiríonn linn eagras a chruthú a chuirfidh ar chumas na bhFrancach a bhfuil ar siúl sa Ghearmáin i réimse an ghuail agus na cruach a fheiceáil, agus, os a choinne sin, má fheiceann na Gearmánaigh a bhfuil ar siúl sa Fhrainc, is é an promhadh cómhalartach sin an tslí is fearr le beartas a chumadh a bheidh bunaithe ar mhuinín.
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Konrad Adenauer agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa