Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Helmut Kohl agus François Mitterrand: ceannairí san athmhuintearas

Is mar a chéile iad aontachas na Gearmáine agus aontú na hEorpa.

Helmut Kohl

Is í an Fhrainc ár dtír dhúchais, is í an Eoraip ár dtodhchaí.

François Mitterrand

Saol agus beatha

Bhí Kohl ina Sheansailéir ar feadh 16 bliana, an seansailéir is faide téarma oifige san 20ú haois. Ar an gcaoi chéanna, ba Uachtarán na Fraince é Mitterrand ar feadh 14 bliana, an tréimhse uachtaránachta is faide i stair na Fraince. D’imigh Mitterand agus Kohl ar shlí na fírinne in 1996 agus 2017 faoi seach, tar éis na blianta fada seirbhíse a thabhairt dá dtíortha féin agus don Aontas Eorpach.

President Mitterrand and Chancellor Kohl standing hand in hand in front of a memorial wreath at the Douaumont Ossuary, Verdun in 1984.
President Mitterrand and Chancellor Kohl standing hand in hand in front of a memorial wreath at the Douaumont Ossuary, Verdun in 1984.

Seasann Mitterand agus Seansailéir Kohl i ngreim láimhe a chéile os comhair fleasc chuimhneacháin ag cnámhlann Douaumont in Verdun in 1984.

Fís don Eoraip

D’oibrigh Kohl agus Mitterand go dian chun an caidreamh a bhí ann tar éis an chogaidh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin a threisiú, agus leag siad béim ar a thábhachtaí a bhí sé síocháin a bheith ann idir an dá náisiún chun lánpháirtíocht na hEorpa a shaothrú. Íomhá iomráiteach chorraitheach a bhí i mbéal na meán ar fud an domhain is ea an íomhá den bheirt cheannairí agus iad i ngreim láimhe ina chéile ag searmanas an 22 Meán Fómhair 1984 chun comóradh a dhéanamh ar thús an Chéad Chogadh Domhanda 70 bliain roimhe sin. Léirigh an íomhá an oiread dul chun cinn a rinne an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Eoraip ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Mar aitheantas ar an gcion a rinne siad le linn a saoil ar son an chaidrimh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, bronnadh duais Charlemagne orthu in éindí in 1988, duais a bhronntar as obair a dhéantar ar son aontú na hEorpa.

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Kohl agus Mitterrand, agus an méid a chuir siad le tionscadal na hEorpa