Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Nicole Fontaine: polaiteoir agus oideoir

Fís eiticiúil an Aontais, sin atá ar cheann de phríomhghnéithe na feasachta comhchoitinne Eorpaí nua. Tá sé ríthábhachtach sa lá atá inniu ann nach mbeadh an Eoraip ina cumhacht eacnamaíoch, agus é sin amháin.

Nicole Fontaine

Saol agus beatha

Ó thús di a bheith ag obair sa Pharlaimint ina tír dhúchais, an Fhrainc, d’oibrigh sí chun Eoraip ar son na saoránach a bhaint amach. Dhírigh sí ar thograí maidir le hoideachas don óige agus leis an aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí acadúla ar fud an Aontais, mar aon le cearta na mban agus cothromaíocht inscne.

Bhí sí ina Leas-Uachtarán faoi dhó ag Parlaimint na hEorpa, ó 1989 go 1994 agus ó 1994 go 1999. Réitigh sí comhaontuithe idir Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit maidir le reachtaíocht thábhachtach, dhá chlár óige de chuid an Aontais san áireamh (Socrates agus an Óige ar son na hEorpa).

Fís don Eoraip

I mí Dheireadh Fómhair 1999, ag labhairt di ina céad óráid sa Chomhairle Eorpach in Tampere na Fionlainne, ba é ar a leag sí béim a thábhachtaí is a bhí sé gnáthbhuarthaí na ndaoine a chur san áireamh. Mhol sí go láidir gur cheart ‘cur chuige uaillmhianach a ghlacadh, arb é is aidhm dó cairt um chearta bunúsacha a sholáthair don Aontas’. I mí na Nollag 2000, shínigh sí an Chairt um Chearta Bunúsacha thar ceann Pharlaimint na hEorpa.

Buaicphointí ghairm Nicole Fontaine i bParlaimint na hEorpa.

(Níl seo ar fáil i do theanga.)

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Nicole Fontaine agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa