Robert Schuman – ceannródaí de chuid an Aontais | an tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Robert Schuman: ailtire thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa

Ní láithreach bonn, ná de réir plean aonair, a chruthófar an Eoraip. Is trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í.

Robert Schuman

Saol agus beatha

Rugadh Robert Schuman ina shaoránach den Ghearmáin i Lucsamburg, agus bronnadh saoránacht na Fraince air nuair a tugadh réigiún Alsace-Lorraine ar ais don Fhrainc in 1919, áit a raibh cónaí air ag an am. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, d’iarr Charles de Gaulle, ceannaire na Fraince a bhí ar deoraíocht, ar Schuman dul go Londain chun bheith ag obair dá rialtas.

Tar éis an chogaidh d’fhill sé ar an bpolaitíocht náisiúnta agus bhí go leor poist ardleibhéil aige i ndiaidh a chéile, agus rinneadh príomh-idirbheartaí de maidir le príomhchonarthaí agus tionscnaimh ar nós Chomhairle na hEorpa, Phlean Marshall agus ECAT – iad uile dírithe ar chomhar breise a chothú laistigh de chomhghuaillíocht an iarthair, agus ar an Eoraip a aontú.

Fís don Eoraip

I gcomhar le Jean Monnet, chuir sé Plean Schuman le chéile, plean a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. Foilsíodh é an 9 Bealtaine 1950, dáta a aithnítear anois mar dháta breithe an Aontais Eorpaigh agus ar a ndéantar ceiliúradh gach bliain mar ‘Lá na hEorpa’. Thug sé óráid uaidh in éineacht leis an dearbhú ina ndúirt sé go gcuirfí táirgeadh guail agus cruach faoi chomhrialú; na bunábhair is tábhachtaí don tionscal armála ag an am. Ba é bunsmaoineamh an phlean sin nach mbeadh tír in ann cogadh a fhearadh gan smacht a bheith aicí ar tháirgeadh guail agus cruach.

Tugann Robert Schuman a dhearbhú uaidh an 9 Bealtaine 1950 i bPáras

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Robert Schuman, agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa