Mar bhall de fhrithbheartaíocht na hÍsiltíre le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Sicco Mansholt ina fhinné ar uafás an ghorta a bhuail an Ísiltír i dtreo deiridh na coinbhleachta. Nuair a saoradh an Ísiltír, chuir sé roimhe féin a dheargdhícheall a dhéanamh chun a chinntiú nach mbeadh cogadh ná crá ann san Eoraip riamh arís.

Ba cheart go mbreathnófaí ar eagrú na margaí mar bhealach chun an sprioc dheiridh a bhaint amach, is é sin margadh aonair a chur ar bun.
Saol agus ré
Tógadh Mansholt ar fheirm, agus chuaigh an taithí uile a bhí aige chun tairbhe dó nuair a ceapadh é ina Aire Talmhaíochta i rialtas na hÍsiltíre tar éis an chogaidh. Ó tharla easpa mhór bia ann agus géarchéim ar na bacáin, rinne Mansholt roinnt beart chun soláthairtí bia a athbhunú go tapa. Shocraigh sé íosphraghsanna ar na táirgí talmhaíochta ba thábhachtaí agus thug sé isteach cánacha ar iompórtálacha agus tacaíocht d'easpórtálacha. Bhí sé diongbháilte de go raibh gá le Eoraip go léir a sholáthródh a dóthain féin agus gur cheart soláthar seasta bia inacmhainne a chinntiú do chách.
Fís don Eoraip
Feidearálach Eorpach go smior a bhí i Mansholt agus bhí fís aige comhbheartas talmhaíochta a chruthú don Eoraip. In 1950, d’fhorbair sé plean do chómhargadh táirgí talmhaíochta san Eoraip a bheadh faoi struchtúr rialaithe fornáisiúnta.
Cé gur theip air ag an am, rinneadh athbhreithniú air níos déanaí, agus leag sé an bhunchloch do bheartas talmhaíochta Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Fuair Mansholt deis a phleananna don chomhbheartas a sheoladh nuair a rinneadh Coimisinéir Talmhaíochta de sa chéad Choimisiún Eorpach in 1958.
Sicco Mansholt ag caint dó faoina fhís le haghaidh earnáil talmhaíochta na hEorpa
Sicco Mansholt ag labhairt sa Bhruiséil an 10 Nollaig 1968
Tá a thuairmí tugtha ag an gCoimisiún do Chomhairle na nAirí faoin méid a cheapann sé is gá a dhéanamh in earnáil talmhaíochta na hEorpa sna 10 mbliana amach romhainn.
Thug sé le fios go ndéanfar meamram faoi struchtúr na talmhaíochta i gcoitinne a thíolacadh ar an gcéad dul síos.
Tá na bearta chomh forleathan sin, ní hamháin ar leibhéal airgeadais ach freisin ar leibhéal struchtúrtha, go gceapann an Coimisiún gur meamram an rogha cheart.
Foilseacháin
Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Sicco Mansholt, mar aon lena rannchuidiú leis an tionscadal Eorpach