Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Alcide De Gasperi: idirghabhálaí spreagtha a bhí go mór ar son an daonlathais agus na saoirse san Eoraip

Ní le lámh láidir a thógfar an todhchaí, ná le dúil concas a dhéanamh, ach tríd an modh daonlathach a chur i bhfeidhm go foighneach, de mheon cuiditheach an chomhaontaithe agus tríd an tsaoirse a urramú

Alcide De Gasperi

Saol agus beatha

Ba Phríomhaire na hIodáile é De Gasperi idir 1945 agus 1953, agus le linn na tréimhse sin, rinneadh an daonlathas a dhaingniú san Iodáil agus tugadh aghaidh ar atógáil eacnamaíoch.

Bhí fís níos forleithne ag De Gasperi chomh maith – an comhar idirnáisiúnta a bheith mar bhonn don tsíocháin. Ba é an fear ba chúis leis an Iodáil dul isteach i bPlean Meiriceánach Marshal agus i ECAT. A bhuí lena cheannaireacht, forbraíodh dlúthcheangal idir an Iodáil agus na Stáit Aontaithe, éacht nach beag i bhfianaise go raibh ceann de na páirtithe cumannacha ba mhó in Iarthar na hEorpa san Iodáil ag an am.

Fís don Eoraip

Ó tháinig deireadh leis an gcogadh, bhí De Gasperi gníomhach i mbun feachtais ar son Eoraip Aontaithe i ngeall gur chreid sé gurbh é sin an t-aon bhealach chun coinbhleacht eile a sheachaint. Bhí aisling shoiléir ag De Gasperi a thug spreagadh dó, is é sin aisling d’Eoraip aontaithe nach nglacfadh ionad na stát ach a d'fhágfadh go bhféadfaidís a bheith ag obair as lámh a chéile, dul i gcomhar le chéile agus tacú le cheile.

Sa deireadh thiar, chuidigh obair De Gasperi le bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), eagraíocht a rinne deimhin de, go bunúsach, nach raibh sé de chumas náisiúin na hEorpa cogadh a chur ar a chéile.

Alcide De Gasperi ag tabhairt óráide an 12 Eanáir 1951 in Strasbourg

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Alcide De Gasperi agus an méid a chuir sé le tionscadal na hEorpa

Tuilleadh eolais