Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Melina Mercouri: aisteoir, frithfhaisisteach, agus crann taca an chultúir

Saol agus ré

Aisteoir mór le rá de chuid na hamharclainne sa Ghréig a bhí i Melina Mercouri sular bhain sí cáil mhór idirnáisiúnta amach sa scannán ‘Never on Sunday’ nuair a bronnadh gradam uirthi as ucht a cuid aisteoireachta. Aimsir an coup d'état sa Ghréig in 1967, rinne sí a cuid féin den pholaitíocht, agus chaith sí blianta an ama a tháinig ina dhiaidh sin ag feachtasaíocht ar fud an domhain le deireadh a chur le giunta na gcoirnéal. Nuair a cuireadh an daonlathas i réim arís in 1974, d’fhill Mercouri abhaile le dul i mbun polaitíochta í féin. Ina dhiaidh sin, ba ise an tAire Cultúir ab fhaide téarma oifige i stair na Gréige, is iomaí bláth a tháinig ar a craobh agus í gníomhach ar son chultúr na Gréige agus na hEorpa, agus thar aon ní is fiú a lua gurbh ise a bhunaigh an tionscnamh 'Príomhchathair Chultúir na hEorpa'.

Fís don Eoraip

In 1983 agus í ina hAire Cultúir sa Ghréig, d'eagraigh sí cruinniú le hAirí Cultúir na naoi mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh le linn na chéad tréimhse uachtaránachta ar an gComhairle a bhí ag an nGréig.

Ghríosaigh sí na hairí eile le cur leis an dícheall a bhí sí féin a dhéanamh leis an bhfeasacht i leith an chultúir a mhéadú ar fud na hEorpa. Ba é sin an chéad chruinniú i sraith rialta de chruinnithe a bhí ag Airí Cultúir na hEorpa le chéile, cruinnithe a bhíonn acu go fóill sa lá atá inniu ann.

Melina Mercouri talks to the press
Melina Mercouri talks to the press ahead of the launch of the first European Capital of Culture in Athens, 1985.
Melina Mercouri Foundation

Melina Mercouri ag caint di leis an bpreas roimh chéad seoladh Phríomhchathair Chultúir na hEorpa san Aithin, 1985.

 

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Melina Mercouri agus an méid a chuir sí le tionscadal na hEorpa