Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Paul-Henri Spaak: aislingeach Eorpach agus áititheoir cumasach

Maidir liom féin, tacaím go daingean le comhar eacnamaíoch.

Paul-Henri Spaak

Saol agus beatha

Agus é ar deoraíocht i Londain le linn an chogaidh, bhí Spaak agus a chomhghleacaithe ón Ísiltír agus ó Lucsamburg ag obair ar thionscadal úrnua an-uaillmhianach: aontas custaim idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg.

In 1944, tugadh an plean chun críche agus bunaíodh Benelux. Ráthófaí saorghluaiseacht airgid, daoine, seirbhísí agus earraí laistigh de theorainneacha na dtrí thír. Spreag sin tuilleadh lánpháirtithe san Eoraip ina dhiaidh sin

Fís don Eoraip

Mheas Spaak gur aontú tíortha trí oibleagáidí ceangailteacha conarthacha an bealach ba éifeachtaí chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a ráthú. Chuidigh sé na haidhmeanna sin a bhaint amach agus é ina uachtarán ar an gcéad lánchruinniú de na Náisiúin Aontaithe (1946) agus mar Ard-Rúnaí ECAT (1957-61). Bhí ról tábhachtach ag Spaak i bhfoirmliú an ábhair do Chonradh na Róimhe. Ag 'Comhdháil Messina’ in 1955, cheap na sé rialtas rannpháirteacha é ina uachtarán ar an gcoiste oibre a d’ullmhaigh an Conradh.

Paul-Henri Spaak ag tabhairt óráide in Strasbourg an 11 Nollaig 1951

Foilseacháin

Tuilleadh eolais faoi shaol agus obair Paul-Henri Spaak, agus an méid a chur sé le tionscadal na hEorpa