Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Maoiniú, deontais agus fóirdheontais san Aontas Eorpach

Cén cineál maoinithe atá ar fáil?

Cuireann an tAontas maoiniú ar fáil le haghaidh raon leathan tionscadal agus clár. Cuireann sé rialacha dochta i bhfeidhm chun diansmacht a dhéanamh ar an mbealach a mbaintear úsáid as maoiniúchán agus chun a chinntiú freisin go gcaitear an t-airgead ar bhealach trédhearcach cuntasach.

Is iomaí foirm ina gcuirtear maoiniú an Aontais ar fáil:

  • deontais – de ghnáth, déanann daoine iarratas ar dheontais trí smaointe a chur isteach do thionscadail tar éis ‘glao ar thograí’
  • fóirdheontais a bhíonn á mbainistiú ag údaráis náisiúnta nó réigiúnacha
  • iasachtaí, ráthaíochtaí agus cothromas mar fhoirmeacha cúnaimh airgeadais chun tacú le beartais agus cláir an Aontais
  • iasachtaí do Bhallstáit den Aontas agus do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad
  • duaiseanna le haghaidh bhuaiteoirí chomórtais Fís Eorpach.

Bainistiú mhaoiniú an Aontais

Is féidir cláir arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a bhainistiú ar thrí bhealach éagsúla, is iad sin:

  • bainistíocht dhíreach: Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn maoiniú an Aontais go díreach
  • bainistíocht chomhroinnte: is iad an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis náisiúnta i gcomhar a bhainistíonn an maoiniú
  • bainistíocht indíreach: is iad eagraíochtaí comhpháirtíochta nó údaráis eile laistigh nó lasmuigh den Aontas a bhainistíonn an maoiniú

Bainistíocht dhíreach

Is éard a chiallaíonn bainistíocht dhíreach ar mhaoiniú an Aontais go bhfuil an Coimisiún Eorpach freagrach go díreach as gach céim i gcur chun feidhme cláir. Maidir leis an gCoimisiún:

  • déanann sé na glaonna ar thograí a sheoladh
  • déanann sé meastóireacht ar na tograí a seoltar isteach
  • síníonn sé comhaontuithe deontais
  • déanann sé monatóireacht ar chur chun feidhme tionscadail
  • déanann sé measúnú ar na torthaí
  • déanann sé íocaíochtaí

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an gcineál maoiniúcháin sin trí fhreagra a thabhairt ar ghlaonna ar thograí.

Féach na glaonna ar thograí faoi bhainistíocht dhíreach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ (SEDIA).

Tá socruithe ar leith ann le haghaidh cistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena bhféachtar le tacú le haistriú glas agus le haistriú digiteach thíortha an Aontais tar éis phaindéim COVID-19 mar chuid d’ionstraim téarnaimh NextGenerationEU. Ullmhaíonn rialtais an Aontais pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, agus faigheann siad íocaíochtaí nuair a bheidh na spriocanna a leagtar amach sa phlean bainte amach acu. 

Bainistiú comhroinnte

Is éard a chiallaíonn comhbhainistiú ar mhaoiniú an Aontais go bhfuil an fhreagracht as clár ar leith a reáchtáil roinnte idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta i dtíortha an Aontais. Déantar tuairim agus 70% de chláir an Aontais a reáchtáil ar an mbealach sin.

Roghnaíonn údaráis riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i dtíortha an Aontais na tionscadail atá le maoiniú agus tá siad freagrach as bainistíocht a dhéanamh orthu ar bhonn laethúil. Oibríonn an Coimisiún i gcomhar le tíortha an Aontais chun a chinntiú go gcuirtear tionscadail i gcrích go rathúil, agus go gcaitear an t-airgead ar an mbealach ceart.

Is iad an beartas comhtháthaithe agus an talmhaíocht na príomhréimsí ina n-úsáidtear an bhainistíocht chomhroinnte – go príomha trí na cistí seo a leanas:

Suíomhanna gréasáin náisiúnta (‘tairseacha aonair’) le haghaidh cistí bainistíochta comhroinnte

Údaráis mhaoiniúcháin réigiúnacha agus náisiúnta

Bainistíocht indíreach

Is éard a chiallaíonn bainistiú indíreach ar mhaoiniú an Aontais go ndéanann tríú páirtithe, amhail údaráis náisiúnta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, na cláir mhaoiniúcháin a chur chun feidhme i bpáirt nó ina n-iomláine. Cuirtear maoiniú ar fáil i bhfoirm fóirdheontas, a ndéanann tú iarratas orthu ar an leibhéal náisiúnta.

An chuid is mó de bhuiséad an Aontais le haghaidh cabhair dhaonnúil agus forbairt idirnáisiúnta, is faoi bhainistíocht indíreach a chuirtear chun feidhme é.

Is ionann cláir bhainistíochta indíreacha agus thart ar 10% de bhuiséad foriomlán an Aontais.

Chun eolas a fháil faoin áit ar féidir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú den chineál seo, féach an Próiseas Iarratais – bainistíocht indíreach