Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fíricí agus figiúirí faoin saol san Aontas Eorpach

Méid agus daonra

Tá breis agus 4 mhilliún km² san Aontas agus tá 448.4 milliún duine ina gcónaí ann. Is í an Fhrainc an Ballstát is mó achar dromchla agus is é Málta an Ballstát is lú achar dromchla.

Foinse: Eurostat

 

Foinse: Eurostat

Caighdeáin mhaireachtála

Déantar caighdeáin mhaireachtála a ríomh trí phraghas earraí agus seirbhísí áirithe i ngach tír a thomhas i gcomparáid leis an ioncam sa tír sin. Is le hairgeadra náisiúnta coiteann ar a dtugtar an caighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) a dhéantar sin. Trí úsáid a bhaint as CCC chun comparáid a dhéanamh idir an olltáirgeacht intíre (OTI) in aghaidh an áitritheora, tugtar forléargas ar na caighdeáin mhaireachtála ar fud an Aontais.

Foinse: Eurostat

In 2018 is ó OTI AE-27 a tháinig 18.6 % d’OTI an domhain, arna shloinneadh i bpraghsanna reatha. Ba iad na Stáit Aontaithe agus an tSín na geilleagair eile ba mhó ar domhan agus sciartha 24.0% agus 15.9% acu faoi seach. Ba í an tSeapáin an ceathrú geilleagar ba mhó (5.8% d’OTI an domhain) agus is iad an Ríocht Aontaithe agus an India a bhí ann ina dhiaidh sin.

Foinse: Eurostat

Oideachas

Ní hionann an méid airgid a chaitheann gach tír den Aontas ar oideachas. Is tríd an gclár Erasmus a eagraítear malartuithe mac léinn san Aontas, clár a chabhraigh le breis agus 4 mhilliún duine dul i mbun staidéir agus oiliúna i dtír eile idir 2014 agus 2020.

Foinse: Eurostat

Chomh maith leis sin, spreagann an tAontas daltaí go gníomhach chun teangacha nua a fhoghlaim ó aois óg mar le níos mó soghluaisteachta tagann níos mó deiseanna bualadh le daoine ó thíortha eile.

Foinse: Eurostat

Fuinneamh agus iompar

Le blianta beaga anuas tá méadú leanúnach tagtha ar an bhfuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san Aontas. Ar na foinsí in-athnuaite fuinnimh atá san Aontas, tá cumhacht ghaoithe, cumhacht ghréine, cumhacht hidrileictreach, cumhacht na taoide, fuinneamh geoiteirmeach, bithbhreoslaí agus an chuid sin den dramhaíl atá in-athnuaite.

Foinse: Eurostat

Tá córas iompair éifeachtach ríthábhachtach do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair san Aontas. Le beartas iompair an Aontais spreagtar taisteal glan, sábháilte agus éifeachtúil ar fud na hEorpa.

Faoi láthair is é an t-iompar is cúis leis an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Tá an tAontas ag féachaint leis na hastaíochtaí sin a laghdú 90% faoi 2050. San aistriú chuig iompar níos inbhuanaithe tugtar tús áite do dhaoine trí roghanna eile atá níos sláintiúla, níos glaine agus níos inacmhainne a chur ar fáil dóibh.