Skip to main content

Is ar an infheistíocht atá buiséad an Aontais dírithe go príomha. Dá bhrí sin, glacann an tAontas pleananna caiteachais fadtéarmacha ar a dtugtar creataí airgeadais ilbhliantúla (CAIanna) agus bíonn feidhm acu ar feadh tréimhse 5-7 mbliana. Sa bhuiséad fadtéarmach leagtar amach tosaíochtaí agus teorainneacha caiteachais an Aontais. An creat atá i bhfeidhm faoi láthair, clúdaíonn sé na blianta 2021 go 2027.

I measc na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear le buiséad an Aontais tá forbairt tuaithe, cosaint an chomhshaoil, cosaint do theorainneacha seachtracha agus cur chun cinn chearta an duine. I dteannta NextGenerationEU, cuidíonn an buiséad le geilleagair an Aontais téarnamh ó ghéarchéim COVID-19. Tá cead ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint a dtuairimí a thabhairt i dtaobh mhéid an bhuiséid, agus an chaoi is cóir é a dháileadh. Ach is é an Coimisiún atá freagrach as an mbuiséad a bhainistiú. Gach bliain, déanann Parlaimint na hEorpa measúnú ar chur chun feidhme an bhuiséid a bhí ann an bhliain roimhe, sin agus cinneann sé ar cheart ‘urscaoileadh’ (i.e. ar cheart an bealach ar chuir an Coimisiún an buiséad chun feidhme a fhormheas) a thabhairt don Choimisiún ar bhonn moladh ón gComhairle.

An buiséad a ullmhú

Is iad an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint le chéile a chinneann an buiséad. Cuireann an Coimisiún dréachtbhuiséad faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte. Is féidir leis an gComhairle agus an Pharlaimint athruithe a dhéanamh ar an dréacht. Má tharlaíonn easaontas idir an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint, bíonn orthu teacht ar chomhréiteach.

Gach bliain, leagtar amach sa bhuiséad na méideanna atá ar fáil le caitheamh laistigh de na teorainneacha a comhaontaíodh roimh ré sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Fágann an plean sin go mbíonn an tAontas in ann pleanáil éifeachtach a dhéanamh ar a chláir mhaoiniúcháin roinnt mhaith blianta roimh ré. 

Tuilleadh eolais faoi nós imeachta buiséadach an Aontais

Cistí an Aontais a bhainistiú

Le linn na tréimhse 2021-2027

  • déanfaidh na húdaráis náisiúnta bainistiú ar thuairim agus trí cheathrú de chaiteachas an bhuiséid go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach (bainistiú comhroinnte)
  • déanfaidh an Coimisiún Eorpach agus a chuid gníomhaíochtaí agus toscaireachtaí bainistiú ar thuairim agus 18% de bhuiséad an Aontais (bainistiú díreach)
  • déanfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, gníomhaireachtaí náisiúnta nó tíortha nach Ballstáit den Aontas iad bainistiú ar 8% de bhuiséad an Aontais (bainistiú indíreach)
  • i gcás NextGenerationEU, déanfar 90% de na cistí a chur chun úsáid tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), a chuirfear chun feidhme trí bhainistiú díreach (ionstraim dar luach €723.8 billiún is ea an RRF lena dtugtar deontais agus iasachtaí chun tacú le hathchóiriúcháin agus le hinfheistíochtaí sna Ballstáit)

Is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht deiridh chun an buiséad a chur chun feidhme, agus ní mór dó a chinntiú go ndéantar taifead agus go gcoinnítear cuntas de gach euro a chaitear. I gcás íocaíochtaí míchuí, oibríonn an Coimisiún in éineacht le Ballstáit an Aontais chun an t-airgead sin a fháil ar ais. Féach eolas maidir leis na bearta chun trédhearcacht a chinntiú agus chun an tAontas a chosaint anseo.

Mar a chaitear an t-airgead

7 réimse caiteachais nó mar sin atá i mbuiséad an Aontais.

Buiséad an Aontais Eorpaigh 2021: na príomhréimsí

Faoi láthair, caitear an sciar is mó den bhuiséad le cuidiú chun Eoraip atá níos glaise agus níos athléimní a thógáil. Caitear sciar mór den bhuiséad freisin ar a chinntiú go n-éiríonn leis an aistriú digiteach, ar bheartais chomhtháthaithe a threisiú (chun cuidiú leis na réigiúin is boichte san Aontas) agus ar an nuálaíocht a chothú. Réimsí eile caiteachais iad an comhrac i gcoinne na hinimirce mídhleathaí, bainistiú teorainneacha a fheabhsú agus an tslándáil a threisiú.

MFF and Next Generation